16 Márta 2012

éabhlóid Lá Fhéile Pádraig ar Google


Seo Lá ’le Pádraig de réir Google ó 2000 to 2009: seamróga ar fud na háite, agus pota óir amháin. *osna*



Bhí rud éigin nua acu sa bhliain 2010. Níl seamróg ar bith le feiceáil, ach cá bhfuair siad na híomhánna seo? FAIL.



Bliain ó shin fuair muid géanna (na Géanna Fiáine?), nó an ealaí iad? Clann Lir? Agus nach seamróga iad na rudaí mílítheacha sin ar an taobh deas? C+



Ach inniu, 17 Márta 2012, rinne siad i gceart é, faoi dheireadh thiar thall (i mo thuairim umhal féin)!


Beannachtaí an lae oraibh uilig!

4 comments:

  1. agus beannachtaí an lae ort féin, a Dennis! An ceart agat - tá leagan deas acu i mbliana.
    Ag amharc ar cheann de na marching bands ó Mheiriceá sa pharáid anseo i mBÁC, beo ar an teilifís. Tá toirneach, tintreach agus flichshneachta againn anseo. Is fearr liom mo chathaoir uilinn lá mar seo ná seasamh ar thaobh sráide ar feadhuair go leith!

    ReplyDelete
  2. Tá íomhá na bliana seo go hálainn, ceart go leor, ach tá mise sásta glacadh le _kitsch_ an lae seo freisin--thaithnigh an stuif sin ar fad liom mar ghasúr. Thairis sin, tá ceangal láidir stairiúl idir an tseamróg agus Lá Fhéile Pádraig. Beannacht na féile ort!

    ReplyDelete
  3. Caithfidh mé admháil gur maith liom seamróga, chuile chineál díobh: seamair bhán, seamair, bhuí, dúmheidic agus seamsóg ... ach iad a bheith beo. Is maith le seamsóg (Oxalis oregana sna bólaí seo) an aeráid in Seattle agus tá cuid mhaith di ag fás i mo ghairdín.

    ReplyDelete
  4. @ Tá toirneach, tintreach agus flichshneachta againn anseo.

    Bhí an lá go hálainn anseo in Inis Eoghain, agus bhí mé féin breá sásta an tráthnóna a chaitheamh taobh na sráide, ag breathnú ar an bparáid, i gcomhluadar mo dhream féin..:-)

    Beannachtaí na Féile oraibh, a chairde!

    ReplyDelete