27 Feabhra 2011

socca



Bhí cairde chun dinnéir againn aréir. Thosaigh muid le socca, te as an oigheann. Thaitin an “phancóg” seo go mór leo!

D'fhiafraigh siad ar an toirt, “An bhfuil uibheacha ann?”
- Níl.
- An bhfuil cáis ann?
- Níl. Níl ann ach uisce, ola olóige, salann, a lán piobair, agus plúr sicphiseánaigh.

“Beidh sé seo ar fheabhas do dhaoine nach féidir leo glútan a ithe, agus do na veigeáin,” a dúirt siad.

Cé nach féidir plúr sicphiseánaigh a cheannach chuile áit, tá sé ar fáil go héasca i siopaí Ind-Phacastánacha. Besan बेसन a thugtar air ansin. Níl sé daor ar chor ar bith, agus is cosúil go bhfuil sé sách sláintiúil.

Seo é an t-oideas a úsáidim, a fuair mé tamall ó shin ón New York Times:

1 cupán / 125 g plúr sicphiseánaigh / béasan
1 taespúnóg salann
1 taespúnóg piobar dubh úrmheilte
4 - 6 spúnóg bhoird ola olóige
1 cupán / .24 l uisce bogthe

Téigh an t-oigheann go 450F / 230C (an-te!) Cuir scilléad iarainn 12 orlach san oigheann. Measc an salann agus an piobar tríd an bplúr. Cuir an t-uisce leis an bplúr go mall, á bhuaileadh le greadtóir an t-am ar fad. Measc 2 spúnóg bhoird den ola tríd. Beidh an fuidreamh seo cosúil le huachtar ramhar.

Cuir 2 spúnóg bhoird den ola sa scilléad téite agus clúdaigh an t-íochtar leis. Doirt an fuidreamh isteach agus bácáil ar feadh 12-15 nóiméad, go dtí go mbeidh ciúmhais na pancóga donn. Bain amach as an oigheann í agus leath níos mó ola uirthi má tá sí tirim.

Cuir an scilléad ar ais san oigheann faoin ngríoscóir ar feadh cúpla nóiméad eile le go mbeidh an phancóg breac le spotaí donna. Gearr ina dingeacha í agus ith gan mhoill iad!

8 comments:

  1. Tá a fhios agam anois céard atáim chun ithe anocht

    ReplyDelete
  2. Bhfuil fhios agat cá hait a bhfuil an plúr ar fáil?

    (An bhfeadfá na pónairí a mheilt, nó bhfuil níos mó i gceist?)

    ReplyDelete
  3. Fuaireas é sa co-op, ceapaim

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, is féidir rudaí eile a chur ann. Sliseanna oinniúin, mar shampla.

    ReplyDelete
  5. (An bhfeadfá na pónairí a mheilt, nó bhfuil níos mó i gceist?)

    Tá béasan an-mhín mar phlúr. Níl sé cosúil le min bhuí.

    ReplyDelete
  6. An bhfuil sé briosc ó bhun barr?

    ReplyDelete
  7. Níl. Tá sé réasúnta bog, cosúil le huibheagán / omelette tirim.

    ReplyDelete