Brugh na mBéabhar
Ní thagann na háitreabhaigh amach roimh luí na gréine de ghnáth. Beidh barúil agat de mhéid an lodge, a bhuí leis na géanna atá ag ligean a scíth air.
Is ar choirt íochtarach an chrainn (an chuid rua anseo) agus ar na craobhóga atá siad beo. Alnus rubra, cineál fearnóige, atá ann sa chás seo.
Seo é an áit a dtarraingíonn siad na craobhóga isteach sa loch len iad a chur i dtaisce faoin uisce in aice lena mbrugh.
Mar is léir ón bpictiúr seo, ní áit éigin amuigh sna sléibhte atá cónaí orthu, ach anseo i Lake Washington, atá suite idir Seattle agus Bellevue.
Thóg mé na grianghrafanna seo cúpla lá ó shin, an chéad trí cinn acu i ngiorracht scread asail de mo theach.
Nuair a chliceálas ar an bhfótó thuas, tháinig rabhadh ar mo scáileán "this site is dangerous to your computor".
ReplyDeleteAn bhfuil tú ag iarraidh mo shonraí pearsanta a ghoid?
Déarfainn go bhfuil an rabhadh a fuair tú “dangerous to your spelling”. Duine ó Bhealarúis a scríobh é, gan dabht dá laghad. (Dála an scéil, ba cheart duit súil a chaitheamh ar do chúntas bainc láithreach, ar eagla na heagla!)
ReplyDeleteAn-suimiúil ar fad, a Dennis (saol na mbéabhar, ní an gadaí Bealarúiseach).
ReplyDeleteNa "heitleoirí arda" ag ligean a scíth ar shaothar na mbéabhar dícheallach, agus gan puinn buíochais á ghlacadh acu leo - is é an scéal céanna cibé áit ina bhfuiltear!
ReplyDeleteAn ndéanann na brugha aon dochar, a Dennis?
ReplyDelete@ Áine - Ní dhéanann, go bhfios dom. Ní thugann daoine aon aird orthu de ghnáth.
ReplyDeleteAn-mhaith a Dennis, an-spéisiúil. Agus is iontach an radharc seo a fheiceáil ós rud é go raibh an béabhar i mbaol báis tráth.
ReplyDeleteAgus tá ról fíorthábhachtach le imirt acu sa gcomhshaol nuair a chruthaíonn siad dambaí san uisce; rud a chruthaíonn na coinníollacha cuí le haghaidh talamh fhliuch cois uisce.