19 Feabhra 2011

na béabhair sa loch


Brugh na mBéabhar

Ní thagann na háitreabhaigh amach roimh luí na gréine de ghnáth. Beidh barúil agat de mhéid an lodge, a bhuí leis na géanna atá ag ligean a scíth air.


Dinnéar na mBéabhar

Is ar choirt íochtarach an chrainn (an chuid rua anseo) agus ar na craobhóga atá siad beo. Alnus rubra, cineál fearnóige, atá ann sa chás seo.


Rian na mBéabhar

Seo é an áit a dtarraingíonn siad na craobhóga isteach sa loch len iad a chur i dtaisce faoin uisce in aice lena mbrugh.


Teaghlach Eile

Mar is léir ón bpictiúr seo, ní áit éigin amuigh sna sléibhte atá cónaí orthu, ach anseo i Lake Washington, atá suite idir Seattle agus Bellevue.

Thóg mé na grianghrafanna seo cúpla lá ó shin, an chéad trí cinn acu i ngiorracht scread asail de mo theach.

7 comments:

  1. Nuair a chliceálas ar an bhfótó thuas, tháinig rabhadh ar mo scáileán "this site is dangerous to your computor".

    An bhfuil tú ag iarraidh mo shonraí pearsanta a ghoid?

    ReplyDelete
  2. Déarfainn go bhfuil an rabhadh a fuair tú “dangerous to your spelling”. Duine ó Bhealarúis a scríobh é, gan dabht dá laghad. (Dála an scéil, ba cheart duit súil a chaitheamh ar do chúntas bainc láithreach, ar eagla na heagla!)

    ReplyDelete
  3. An-suimiúil ar fad, a Dennis (saol na mbéabhar, ní an gadaí Bealarúiseach).

    ReplyDelete
  4. Na "heitleoirí arda" ag ligean a scíth ar shaothar na mbéabhar dícheallach, agus gan puinn buíochais á ghlacadh acu leo - is é an scéal céanna cibé áit ina bhfuiltear!

    ReplyDelete
  5. An ndéanann na brugha aon dochar, a Dennis?

    ReplyDelete
  6. @ Áine - Ní dhéanann, go bhfios dom. Ní thugann daoine aon aird orthu de ghnáth.

    ReplyDelete
  7. An-mhaith a Dennis, an-spéisiúil. Agus is iontach an radharc seo a fheiceáil ós rud é go raibh an béabhar i mbaol báis tráth.

    Agus tá ról fíorthábhachtach le imirt acu sa gcomhshaol nuair a chruthaíonn siad dambaí san uisce; rud a chruthaíonn na coinníollacha cuí le haghaidh talamh fhliuch cois uisce.

    ReplyDelete