“Bhí an t-urlár créafóige caite ach choinnigh an cochán a bhí scaipthe thart air tirim agus saor ó láib é.”
- ón úrscéal Rún an Bhonnáin, faoi theach in Éirinn sa hochtú haois déag
Is cosúil go bhfuil suim in urláir chréafóige (nó earthen floors, an t-ainm atá in úsáid go minic anois) ag fás i measc tógálaithe glasa. De réir suímh eile, séard atá ann ná (1) cré a bhfuil snáithíní de shaghas éigin measctha tríthi, (2) atá balctha le lámha nó le lián, agus (3) atá séalaithe le hola rois. Réasúnta simplí, ach sin a lán cré agus a lán allais! Ach ar an láimh eile, ní gá duit cré agus allas a cheannach.
chomh éasca le "stroighin uath-leibhéalach", nó "self-levelling cement" mar adeir an Béarla?
ReplyDeleteNíl a fhios agam! An bhfuil an stroighin uath-leibhéalach chomh héasca sin dáiríre? Is dócha gur shuigh tú ag bord corrach i mbialann - níos mó ná uair amháin - agus bhí ort naipcín fillte nó rud éigin eile mar sin a dhingeadh faoi cheann de na cosa len é a chobhsú? Tá barúil agam go mbeadh a lán dingeacha beaga ag teastáil i dteach le hurlár mar an gceann thuas! Cuid den “charm”, tá's agat.
ReplyDeleteBhí teach ar an oileán seo ina raibh ní hamháin urlár créafóige, ach tobar i lár an urláir. Níl sé ró-fhada ó bhí daoine ina gcónaí ann fosta!
ReplyDeleteCaithfidh go bhfuilim ag dul in aois - is cuimhin liom úrláir chréafóige i roinnt tithe fén dtuath le linn m'óige.
ReplyDeleteÓ! nár bhreá liom bheith ag cuimilt créafóige leis an mbruinneal úd sa bhfótó.
Is ag smaoineamh ortsa a thogh mé an grianghraf seo, a stór!
ReplyDelete;-)