18 Feabhra 2011

Gaeilge Mhanann



Chuir Brian Stowell Gaeilge Mhanann ar scéilín an Triúir Mhanach cúpla bliain ó shin. Tá an litriú atá acu deacair a thuiscint, ach tá an Ghaeilge atá acu sách gar don dá Ghaeilge eile.

D'athscríobh mé an scéilín i meascán de Ghaeilge na hÉireann, de Ghaeilge na hAlban (i litreacha corcra) agus de Shean-Ghaeilge (focal amháin i ndearg nár mhair beo sna teangacha eile).

“Ciúnas” an chiall atá le “féth”, an focal Sean-Ghaeilge. Tá focal eile ann nach bhfuil a shanasaíocht agam, mar atá “eisht”. Is focal coitianta é a chiallaíonn “ansin, then”.

Ren tree maynee y seihll y yiooldey.

Rinne trí manaigh an saol a dhiúltadh.


Hie ad magh ayns yn aasagh dy ghoaill arrys son nyn beccaghyn roish Jee.

Chaigh iad mach anns an fhàsach do ghabháil aithreachas son nam peacaidhean roimis Dia.


Cha loayr ad rish y cheilley rish blein.

Cha labhair iad ris a’ chéile ris bliain.


Eisht dooyrt fer jeu rish fer elley, “Ta shin mie dy liooar.”

[Ansin] dúirt fear diubh ris fear eile, “Tá sinn maith do leor.”


Tostid rish blein elley.

Tost(acht) ris bliain eile.


“S’feer shen”, as y nah ’er.

“Is fíor sin,” ars an ath fhear.


Myr shen, hie blein elley shaghey.

Mar sin, chaigh bliain eile seachad.


“Dar m’ennym,” as y trass ’er, “mannagh lhiggys shiu fea dou, faagym y lane aasagh diu!”

“Dar m’anam,” ars an treas fhear, “mana ligfeas sibh féth domh, fàgaim a’ lán fhásach daoibh!”

4 comments:

  1. Eisht < ar éis de, creidim.

    Tá “a-réist” an-choiteanta sa chaint in Albain.

    Agus cuimhnigh: “tús agus éis” agus “tar éis” i nGaeilge na hÉireann.

    “féth” (Manainn) ~ “féith” (Éirinn) ~ fèath (Albain)
    = socair, gan ghaoith.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, a Chaoimhín!

    Tá “féith” ann, ceart go leor, ach ní aithníonn FGB mar ainmfhocal é.

    ReplyDelete