20 Meán Fómhair 2010

Tá sé ag caint i mBéarla!


Uaireanta bíonn aiféaltas orm nuair nach féidir liom duine éigin atá ag caint i nGaeilge a thuiscint. Ach ansin is cuimhin liom nach féidir liom Béarlóirí eile a thuiscint minic go leor. Ní bhíonn fadhb agam de ghnáth le daoine a d'fhoghlaim an Béarla, ná le daoine as Meiriceá den chuid is mó, ná leis na tuairisceoirí ar an mBBC.

Ach is cuimhin liom fós na fadhbanna a bhí agam leis an tuin Ghlaschúch na blianta ó shin. Agus an píosa ar an mBBC faoi thiománaí leoraithe cianaistir: thuig mé an tiománaí as an Danmhairg gan stró, murab ionann agus an tiománaí as Tuaisceart Shasana!

Tig liom samplaí eile a thabhairt daoibh ó scannáin, ó chláir theilifíse, agus mar sin de. Ach seo agaibh sampla a thugann an chraobh leis:



Aistriúchán ag teastáil uaibh?

Seo é an tras-scríobh:

It was only a minority that spoiled it for us last time and this time it's going to be a good game of football and every cunt's going to hopefully get on with each other.


5 comments:

  1. ASG!

    Is cuimhin liom, nuair a bhog mé as Gaillimh go Dún na nGall, ní raibh a fhios agam céard sa sioc a bhí daoine ag rá liom.

    Thóg sé trí mhí orm a gcanúint a thuiscint, gan trácht ar chanúnachas:
    'Where are you stopping?'(Cá bhfuil tú i do chónaí?),
    'You go down the brae, and turn left...' (Níor raibh a fhios agam céard ba 'bhrae' ann!),
    'Do you mind the time...?'(An cuimhin leat...?)

    An ndóigh, is dócha nár thuig siadsan mise ach an oiread, agus b'fhéidir nach dtuigeann fós...;-)

    ReplyDelete
  2. 'Do you mind the time...?' (An cuimhin leat...?)

    “I mind fine when...” a chuala mé ó sheanbhean Albanach i bhfad ó shin.

    ReplyDelete
  3. Dennis, ní mór duit an cúrsa seo a dhéanamh
    http://www.youtube.com/watch?v=tr0erVo3EP8

    Áine, chuala 'I mind ' (is cuimhin liom) ó sheandaoine i gCiarraí leis.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, a Mhíshásta! Bhain mé sult (agus tairbhe leis?) as.

    ReplyDelete
  5. Agus mé im fhochéimí chaith mé gach samhradh i Sasana ag obair i monarchana bia nó ar láthair tógála. Chuaigh mé i dtaithí ar réimse mór cainte agus thuig mé gach a ndúirt an fear sin faoin gcluiche. Fiú mura raibh ar do chumas an t-iomlán a thuiscint, bheadh a fhios agat gur chineál éigin Béarla a bhí á labhairt aige. N’fheadar an bhfuil an scéal seo inste agam cheana ach ar eagla nach bhfuil, seo rud a tharla domsa sa tSeapáin. Bhíos ag filleadh ó Osaka mar a raibh léacht tugtha agam agus ar shroicheadh Tokyo Eki (an príomh stáisiún traenach) dom bhí taxi uaim. Ag an t-am sin den lá ní raibh an áit plódaithe. Dhírigh mé ar fhear meathaosta a raibh culaith traidisiúnta air agus ar mé leis “Sumimasen ga, tacushi noriba wa, dochira desuka?” (Gabh mo leithscéal ach cá bhfuil stad na dtaxi?). D’fhéach sé orm a shúile leath-dhúnta agus roic ar a éadan. Chuir mé an cheist chéanna air arís ach mé ag labhairt pas beag níos moille. Ansin thug mé faoi deara go raibh sé ag monabhar leis féin na siollaí a bhí ráite agam. B’ansin a rith sé liom nár thuig sé gur Seapáinis a bhí á labhairt agam. D’fhéach mé san aghaidh air agus dúirt mé “Nihongo de hanashimasu.” (Tá mé ag labhairt Seapáinise.) Thuig sé láithreach mé agus muid ag siúl le chéile go stad na dtaxi, mhínigh sé dom go raibh beagán den Bhéarla, den Fhraincis agus den Ghearmáinis aige agus go raibh sé ag iarraidh ciall sna teangacha sin a bhaint as a raibh ráite agam.
    (Ar eagla go bhfuil faoi éinne m’aistriúchán a cheartú, seo cruinn aistriúchán ar a ndúirt mé leis: Gabh mo leithscéal, an áit a dhreapann duine suas i dtaxi, cén treo í.)

    ReplyDelete