Tá ceisteanna fealsúnacha agus ceisteanna fisice (quantum entanglement, mar shampla) i bhfolach san áiféis. Maidir leis an áiféis féin, ní mise a chum. Is ón bpictiúr a fuair mé an méid sin den chomhrá.
Níl aon bhunús le teoiricí an mheitifisiceora ach amháin i bhfisic, i mbitheolaíocht agus sna heolaíochtaí eile, móide loighic, ar ndóigh. Ní hionann meitifisic agus creideamh. Is rud treibheach míloighciúil é an creideamh, saghas ionfhabhtú cultúrach a fhaigheann daoine óna dtuismitheoirí den chuid is mó. Tá sé an-chosúil le tírghrá, agus ba bheag an difríocht idir tírghrá agus creideamh do na hIosraeilítigh a scríobh an Sean-Tiomna.
Freagraíonn na heolaíochta nádúrtha an cheist "conas?". Níl aon léargas le fáil iontu ar cén fáth go bhfuil rud ar bith ann, seachas neamhní. Agus níl aon fhreagra le fáil iontu ar conas do shaol a chaitheamh.
Well, Dennis. Faoi dheireadh, sin ráite agat go neamhbhalbh é. “Is rud treibheach míloighciúil é an creideamh, saghas ionfhabhtú cultúrach a fhaigheann daoine óna dtuismitheoirí den chuid is mó.” Níl fúm dul i gcoimhlint leat, ach a bhuí don ráiteas thuas tá agam anois scagaire a chabhróidh liom do dhearcadh ar nithe áirithe a thuiscint.
Agus níl aon fhreagra le fáil iontu ar conas do shaol a chaitheamh.
Sea.
“Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne.” (Is fuath le Dia ribí róibéis!) Léiv. 11:12
“Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar (síoda + olann?) iomat.” Léiv. 19:19
“Aon fhear nó bean is asarlaí nó draíodóir, cuirtear chun báis iad; gabhtar de chlocha, cloch ar chloch, orthu.” Léiv. 20:27
Sea go deimhin, dlí Dé, “conas do shaol a chaitheamh”. Is iad sin an dá fhocal is scanrúla ar domhan, “dlí Dé”. Ní gá dúinn “leabhar naofa” ar bith a léamh lenár saol a chaitheamh chomh maith agus is féidir.
Dennis, idirdhealú atá idir an chód dhlí nó an chód shearmanais agus an cód morálta. Glan agus neamhghlan a bhí idirdhealuithe an dhlí. Ní raibh idirdhealuithe nádúir ann. Mar a bheadh a fhios agat, Cuirtear dlíthe ar ceal uaireanta a rinne Íosa. Is iomaí focal a scríobh N. Pól air seo. Maidir leis an “scéal grinn”, is ríléir nach dtuigeann tú teagasca na hEaglaise ar síoraíocht agus ar na flaithis. Déarfadh duine inteacht go raibh sé sotalach déanamh beag den chrábhadh gnáthdhaoine.
A Áine, mar sin, coibhneasacht. Bhuel, an ndeir tú sin nuair atá an duine eile díobháil a dhéanamh duit? Tagann diagú dó féin de choibhneasacht. Sin an fhírinne.
Huh?
ReplyDeleteCad é díreach a bhí i gceist agat leis an bpost sin, Dennis?
ReplyDeleteBhal, is dócha, in éagmais ama agus fairsingeachta, cha bheadh ann ach Dia Trí-Aonta ( ag labhairt Leis féin ).
ReplyDeleteFearn
Tá ceisteanna fealsúnacha agus ceisteanna fisice (quantum entanglement, mar shampla) i bhfolach san áiféis. Maidir leis an áiféis féin, ní mise a chum. Is ón bpictiúr a fuair mé an méid sin den chomhrá.
ReplyDeleteEascraíonn áiféis as entanglement fisice agus meitifisic.
ReplyDeleteNíl aon bhunús le teoiricí an mheitifisiceora ach amháin i bhfisic, i mbitheolaíocht agus sna heolaíochtaí eile, móide loighic, ar ndóigh. Ní hionann meitifisic agus creideamh. Is rud treibheach míloighciúil é an creideamh, saghas ionfhabhtú cultúrach a fhaigheann daoine óna dtuismitheoirí den chuid is mó. Tá sé an-chosúil le tírghrá, agus ba bheag an difríocht idir tírghrá agus creideamh do na hIosraeilítigh a scríobh an Sean-Tiomna.
ReplyDeleteSin do chré, is dócha.
ReplyDeleteNí aontaím leat ar ceachtar pointe.
Freagraíonn na heolaíochta nádúrtha an cheist "conas?". Níl aon léargas le fáil iontu ar cén fáth go bhfuil rud ar bith ann, seachas neamhní. Agus níl aon fhreagra le fáil iontu ar conas do shaol a chaitheamh.
Well, Dennis. Faoi dheireadh, sin ráite agat go neamhbhalbh é. “Is rud treibheach míloighciúil é an creideamh, saghas ionfhabhtú cultúrach a fhaigheann daoine óna dtuismitheoirí den chuid is mó.” Níl fúm dul i gcoimhlint leat, ach a bhuí don ráiteas thuas tá agam anois scagaire a chabhróidh liom do dhearcadh ar nithe áirithe a thuiscint.
ReplyDeleteAgus níl aon fhreagra le fáil iontu ar conas do shaol a chaitheamh.
ReplyDeleteSea.
“Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne.” (Is fuath le Dia ribí róibéis!) Léiv. 11:12
“Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar (síoda + olann?) iomat.” Léiv. 19:19
“Aon fhear nó bean is asarlaí nó draíodóir, cuirtear chun báis iad; gabhtar de chlocha, cloch ar chloch, orthu.” Léiv. 20:27
Sea go deimhin, dlí Dé, “conas do shaol a chaitheamh”. Is iad sin an dá fhocal is scanrúla ar domhan, “dlí Dé”. Ní gá dúinn “leabhar naofa” ar bith a léamh lenár saol a chaitheamh chomh maith agus is féidir.
Cad is maith ann? Níl freagra ar sin le fáil sna heolaíochtaí.
ReplyDeleteAch níl aon fhiúntas le bheith ar argóint gan deireadh faoi seo. Ní raibh fúm ach mo sheasamh a léiriú, mar a léirigh tusa do sheasamh.
Dennis, idirdhealú atá idir an chód dhlí nó an chód shearmanais agus an cód morálta. Glan agus neamhghlan a bhí idirdhealuithe an dhlí. Ní raibh idirdhealuithe nádúir ann. Mar a bheadh a fhios agat, Cuirtear dlíthe ar ceal uaireanta a rinne Íosa. Is iomaí focal a scríobh N. Pól air seo. Maidir leis an “scéal grinn”, is ríléir nach dtuigeann tú teagasca na hEaglaise ar síoraíocht agus ar na flaithis. Déarfadh duine inteacht go raibh sé sotalach déanamh beag den chrábhadh gnáthdhaoine.
ReplyDelete@ 'Ní gá dúinn “leabhar naofa” ar bith a léamh lenár saol a chaitheamh chomh maith agus is féidir.'
ReplyDeleteTagaim leat, a Dennis, agus nílim ag 'déanamh beag' do 'chrábhadh' aon duine, agus é sin á rá agam - tá súil agam!
Chuile dhuine agus a fhírinne féin aige...:-)

ReplyDelete