09 Meán Fómhair 2010

Dia ag caint leis féin:



Mac: Mura mbeadh am ann?

Athair: Tharlódh chuile rud ag an am céanna.

Mac: Agus mura mbeadh spás ann?

Athair: Tharlódh chuile rud duitse! Agus domsa!

Mac: Agus don cholúr?

Athair: Agus don cholúr!

13 comments:

  1. Cad é díreach a bhí i gceist agat leis an bpost sin, Dennis?

    ReplyDelete
  2. Bhal, is dócha, in éagmais ama agus fairsingeachta, cha bheadh ann ach Dia Trí-Aonta ( ag labhairt Leis féin ).


    Fearn

    ReplyDelete
  3. Tá ceisteanna fealsúnacha agus ceisteanna fisice (quantum entanglement, mar shampla) i bhfolach san áiféis. Maidir leis an áiféis féin, ní mise a chum. Is ón bpictiúr a fuair mé an méid sin den chomhrá.

    ReplyDelete
  4. Eascraíonn áiféis as entanglement fisice agus meitifisic.

    ReplyDelete
  5. Níl aon bhunús le teoiricí an mheitifisiceora ach amháin i bhfisic, i mbitheolaíocht agus sna heolaíochtaí eile, móide loighic, ar ndóigh. Ní hionann meitifisic agus creideamh. Is rud treibheach míloighciúil é an creideamh, saghas ionfhabhtú cultúrach a fhaigheann daoine óna dtuismitheoirí den chuid is mó. Tá sé an-chosúil le tírghrá, agus ba bheag an difríocht idir tírghrá agus creideamh do na hIosraeilítigh a scríobh an Sean-Tiomna.

    ReplyDelete
  6. Sin do chré, is dócha.

    Ní aontaím leat ar ceachtar pointe.

    Freagraíonn na heolaíochta nádúrtha an cheist "conas?". Níl aon léargas le fáil iontu ar cén fáth go bhfuil rud ar bith ann, seachas neamhní. Agus níl aon fhreagra le fáil iontu ar conas do shaol a chaitheamh.

    ReplyDelete
  7. Well, Dennis. Faoi dheireadh, sin ráite agat go neamhbhalbh é. “Is rud treibheach míloighciúil é an creideamh, saghas ionfhabhtú cultúrach a fhaigheann daoine óna dtuismitheoirí den chuid is mó.” Níl fúm dul i gcoimhlint leat, ach a bhuí don ráiteas thuas tá agam anois scagaire a chabhróidh liom do dhearcadh ar nithe áirithe a thuiscint.

    ReplyDelete
  8. Agus níl aon fhreagra le fáil iontu ar conas do shaol a chaitheamh.

    Sea.

    “Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne.” (Is fuath le Dia ribí róibéis!) Léiv. 11:12

    “Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar (síoda + olann?) iomat.” Léiv. 19:19

    “Aon fhear nó bean is asarlaí nó draíodóir, cuirtear chun báis iad; gabhtar de chlocha, cloch ar chloch, orthu.” Léiv. 20:27

    Sea go deimhin, dlí Dé, “conas do shaol a chaitheamh”. Is iad sin an dá fhocal is scanrúla ar domhan, “dlí Dé”. Ní gá dúinn “leabhar naofa” ar bith a léamh lenár saol a chaitheamh chomh maith agus is féidir.

    ReplyDelete
  9. Cad is maith ann? Níl freagra ar sin le fáil sna heolaíochtaí.

    Ach níl aon fhiúntas le bheith ar argóint gan deireadh faoi seo. Ní raibh fúm ach mo sheasamh a léiriú, mar a léirigh tusa do sheasamh.

    ReplyDelete
  10. Dennis, idirdhealú atá idir an chód dhlí nó an chód shearmanais agus an cód morálta. Glan agus neamhghlan a bhí idirdhealuithe an dhlí. Ní raibh idirdhealuithe nádúir ann. Mar a bheadh a fhios agat, Cuirtear dlíthe ar ceal uaireanta a rinne Íosa. Is iomaí focal a scríobh N. Pól air seo. Maidir leis an “scéal grinn”, is ríléir nach dtuigeann tú teagasca na hEaglaise ar síoraíocht agus ar na flaithis. Déarfadh duine inteacht go raibh sé sotalach déanamh beag den chrábhadh gnáthdhaoine.

    ReplyDelete
  11. @ 'Ní gá dúinn “leabhar naofa” ar bith a léamh lenár saol a chaitheamh chomh maith agus is féidir.'

    Tagaim leat, a Dennis, agus nílim ag 'déanamh beag' do 'chrábhadh' aon duine, agus é sin á rá agam - tá súil agam!

    Chuile dhuine agus a fhírinne féin aige...:-)

    ReplyDelete
  12. A Áine, mar sin, coibhneasacht. Bhuel, an ndeir tú sin nuair atá an duine eile díobháil a dhéanamh duit? Tagann diagú dó féin de choibhneasacht. Sin an fhírinne.

    ReplyDelete