Dea-scéal os ár gcionn!
An poll san ózón os cionn an Antartaigh
Meán Fhómhair 2006
Deir tuarascáil nua ó UNEP, a tháinig amach inniu (16 Meán Fómhair), go bhfuil Prótacal Montréal ar Shubstaintí a Ídíonn an tÓzónaisféar ag obair. Níl an t-ózónaisféar, a chosnaíonn an Talamh ar radaíocht infridhearg, ag laghdú níos mó. Smaoiníonn na heolaithe go slánófar an chuid is mó de faoi lár an chéid seo. Cosc idirnáisiúnta ar chlórafluaracarbóin (CFC), a bhíodh coitianta i gcuisneoirí agus i gcanna spré tríocha bliain ó shin, is cúis leis an athrú chun feabhais.
Tá cailceacht ar an ngalar, muis!
ReplyDeleteAn chneasfar an ghoin anois?
Fearn
Cailceacht ar an ngalar?
ReplyDeleteTaispeánann an cosc ar chlórafluaracarbóin dúinn ar fad cad is féidir leis an chine dhaonna a dhéanamh le roinnt cur le chéile.
ReplyDeleteAnois ní mór dúinn aghaidh a thabhairt i gceart ar cheist níos práinní fós .i. athrú aeráide.
Is gáis cheaptha teasa iad a lán de na substaintí ar chuir Prótacal Montréal cosc orthu. Sin dhá chúram á ndéanamh in éineacht. Nó dhá éan maraithe le cloch amháin. (Níl a fhios agam an bhfuil leagan níos fearr ná é sin againn i nGaeilge.)
ReplyDeleteDea-scéal faoin ózón - faoi dheireadh!
ReplyDelete@ 'Nó dhá éan maraithe le cloch amháin'
Rachaidh mé i mbun taighde duit, ar fhaitíos aon leagan níos fearr ann, ach táim as baile fós...
@Cailceacht ar an ngalar?
ReplyDeleteCailceacht, an ea?
Féach "calcaim" ag an Duinníneach
Fearn