Tá an téarma “ghost word” againn i mBéarla. Theip orm téarma mar sin a fháil i nGaeilge. Ach tá ghost words againn i nGaeilge mar sin féin. Seo dhá shampla:
dialann
Chum an foclóirí Risteard Pluincéad (floruit 1662) an focal “dia-lón” leis an bhfocal Laidine “diarium” (= “soláthar nó alúntas d'aon lá amháin”) a aistriú. Níor chiall sé “diary = cín lae” ar chor ar bith. Ach níor thuig foclóirí eile, Tadhg Ó Neachtain (fl. 1739), é sin. Chum seisean na focail “dialonach, a keeper of the daybook” agus “dialonacht, keeping of a daybook” ina fhoclóir féin. An Duinníneach a rinne “dialann” de “dialon” an Neachtanaigh ina fhoclóir (1904), ag cur “lann = áit; cf. “leabharlann,” etc.) i leaba “lon”. Et voilà. Is focal ceart Gaeilge anois é.
cigire
Edward Lhuyd (166o-1709) a thug an focal “cighim” dúinn. Níl ann, dáiríre, ach litriú eile de “cím = feicim”. Ní fhaca an Neachtanach an ponc, de réir dealraimh, agus chuir sé an focal “cigim, I see or behold” ina fhoclóir. Níor stop sé ansin, áfach. Chum sé sraith d'fhocail nua leis: “cigire, an inspector; cigireach, inspectingly; cigireacht, inspection; cigirighthe, inspected; cigirim, I inspect into”. Ghlac an Duinníneach le trí cinn de na focail seo sa chéad eagrán dá fhoclóir féin. Et voilà. Tá “cigire” agus “cigireacht” againn fós.
ghost chile
Maidir leis an ngrianghraf thuas anois, is téarma nua é ghost chile (nó chilli) i mBéarla an lae inniu. Agus is “ghost word” é. Maítear gurb é an chile* is teo ar domhan é. Naga jolokia agus bhut jolokia na haimneacha atá air in Assam mar a bhfásann sé. Foinse na taibhsiúlachta is ea an focal bhut.
Fásann bhut jolokia in oirthuaisceart na hIndia, i ngar don Bhútáin. Is cosúil gur tháinig bhut ó bhot, focal canúnach sna bólaí úd a chiallaíonn “Bútánach”. (Is tír Thibéadach í an Bhútáin, agus tugann na hIndiaigh bhoṭ (भोट) ar an Tibéid i Hindis.) Tá focal eile in Asaimis agus i Hindis, bhût (भूत), a chiallaíonn “taibhse”. Et voilà, bhût in áit bhut in áit bhoṭ. Ach... nach deas an téarma é ghost chile dá ainneoin sin?
* Cillí an focal atá againn i nGaeilge, ach ní maith liom é. Is dóigh liom gur focal silly é, bíodh is go dtosaíonn sé le /k/.
Dála an scéil, is anseo i Seattle a dhéantar na caramail sa phictiúr thuas. Níl ach soupçon de theas iontu.
Maidir le cigire, más buan mo chuimhne chuir an Dineeneach nóta leis, ag maíomh go raibh sé spurious ach in úsáid.
ReplyDeleteNí raibh mé ar an eolas faoi dialann - sin ceann maith.
Cén sanasaíocht atá le chilli? B'fhéidir gur féidir linn leagan níos deise a chuir sa chaint...
Maidir le "ghost word"; céard faoi dordfhocal, in onóir Webster
ReplyDeleteFuair muid na focail “chile, chili, chilli” etc. ó “chile” (Spáinnis Mheicsiceach) a tháinig ón bhfocal dúchasach “chilli” (Nahuatl .i. Aztec). An fhadhb atá againn anseo ná an chéad chonsan. Dhéantaí ‘s’ de ‘ch’ i nGaeilge sa sean-am: seans ó chance, seansailéir ó chancellor, etc. Agus tá Sile (an tSile, Poblacht na Sile) againn mar ainm ar an tír sin. Bheadh “sili” nó “silé” nó "síli” nó “sílé” níos fearr ar an múnla sin.
ReplyDeleteNíl a fhios agam faoi na focail ach tá ocras orm anois
ReplyDeleteMaidir leis an bhfocal "cigire", seans gur thaisme ádhúil a bhí ann nuair nach bhfaca an Neachtanach an ponc, nó b'fhéidir gur fadradharc fiú ba chúis leis gur lig Tadhg an ponc thart.
ReplyDeleteÓir ní dóigh liom go mbeadh " feicir' " ina ainm ádhúil do chigire scoile!
B'fhéidir é, a Ormondo!
ReplyDelete@ ghost word
Céard faoi briathar bradach, a Dennis?
Dála an scéil, agus ní bhaineann seo leis an bhlagmhír seo beag ná mór, ach tháinig mo dhá ríomhphost chugat, inniu agus inné, ar ais chugam Mail Delivery Failed - an bhfuil do bhosca isteach lán?
Pé scéal é, go raibh maith agat, a chara, uaim féin agus ón nGarraíodóir...:-)
Fadhb shealadach a bhí ann leis an ríomhphost, de réir dealraimh. Tá tchtaí ag teacht isteach anois. Ach GRMA as an bhfadhb a chur ar mo shúile dom. Tá súil agam gur bhain sibh sult as an bhfíseán! Shíl mé go raibh an dá sheabhac iontach amach!
ReplyDeletefocal bradach?
ReplyDeleteNíl a fhios agam an mbeadh focal chomh láidir sin feiliúnach. Sílim go bhfuil sé beagán ró-dhaorbhreithiúnach. Is féidir leo fanacht sa teanga gan aon dochar a dhéanamh in ainneoin mar a saolaíodh iad. B'fhéidir gur cheart dúinn “focail thuilíochta” a thabhairt orthu?
;-)
@ ' B'fhéidir gur cheart dúinn “focail thuilíochta” a thabhairt orthu?'
ReplyDeleteASG! Tá muid sách fada ag iarraidh fáil reidh leis an bhfocal sin 'tuilíocht' sa tír seo...:-)
Is dócha gur tháinig an "bhoṭ" sin na Hindise ó "bod" (བོད་) na Tibéitise, ainm a chuireann na Tibéitigh ar a dtír féin. [pʰø̀ʔ] fuaimniú an lae inniu.
ReplyDelete@ yraneac
ReplyDeleteTá an ceart agat gan dabht!