17 Meán Fómhair 2010

Fésbók?


Nó:
  1. flettismetti
  2. andrit
  3. fasbók
  4. masbók
  5. trýna
  6. vinatorg
  7. vinamót
Cad é an Íoslainnis ar Facebook? Tig leis na hÍoslannaigh vótáil air, a bhuí le feachtas atá ar siúl ag Mjólkursamsalan, comharchumann déiríochta sa tír sin. Cuireann siad na focail nua seo faoi bhráid an phobail ar a gcuid cartán bainne in éineacht le cartúin le Halldór Baldursson: an ceann seo thuas, mar shampla. Tá alt suimiúil faoi seo i mBéarla anseo.

Níl a fhios agam céard go díreach a chiallaíonn flettismetti, andrit, vinamót agus mar sin de. An bhfuil Íoslainnis ag éinne amuigh ansin?

12 comments:

  1. An bhfuil leagan coitianta Gaeilge ann?

    ReplyDelete
  2. An leagan céanna atá ag na Francaigh, na Gearmánaigh agus mar sin de?

    ReplyDelete
  3. Níl Íoslainnis agamsa, ach rinne mé staidéar beag ar an Ioruais agus tá cóip de Einarsson (foclóir beag Íoslainnise-Béarla) agus Zoega (Foclóir SeanÍoslainnise-Béarla)agam.

    Fuair mé cúpla focal --
    Is ionann bók agus leabhar. (Is dócha go raibh a fhios agat.)

    vinur - friend
    vinátta - friendship
    vinsemd - friendliness
    Is dócha gur hionann 'vin' agus 'cara'.

    mót - meeting
    and - prefix anti-, opposite
    rit - written work, work, book

    Níl 'torg' sa leabhair sin, ach 'market' is brí le 'torg' san Ioruais.

    trýni -- "snout of a dog or bear" sa tSeanÍoslainnise ach b'fhéidir nach mbaineann le 'trýna' é.

    Maidir le 'flettismetti', níl leid agam.

    Tá na síntreacha fada an-tábhachtach sna fóclóirí seo. Tá roinnt ar leith le focail a thosnaíonn le 'á' seachas le 'a', mar shampla.

    ReplyDelete
  4. Maidir le 'flettismetti', níl leid agam.

    Chuaigh mé go Google Translate anois díreach agus fuair mé an méid seo:

    flett = brabhsáil
    fletti = breathnú
    metti = sásta

    ReplyDelete
  5. Níl 'torg' sa leabhair sin...

    Is ionann “torg” agus “cearnóg” de réir Google Translate.

    vinatorg = “cearnóg na gcairde / na gcarad” mar sin? Tá ciall leis sin.

    ReplyDelete
  6. Feictear dom go bhfuil go leor 'friends' ag daoine sa chearnóg chéanna. Bheadh náire orm fein dhul isteach inti ó tharla gan agam ach, ahem, slám beag dlúthchairde...;-)

    ReplyDelete
  7. andrit: Meascán idir andlit ‘aghaidh’ agus rit ‘scríbhinn’ atá ann.
    vinatorg: Sin ‘margadh na gcarad’ nó ‘caramhargadh’ go díreach (vinur = ‘cara’, torg = ‘margadh’).
    vinamót: ‘bualadh/cruinniú na gcarad’
    masbók: Níl mé cinnte faoi sin. B’fhéidir gur ‘mass’ an Bhéarla (nó na dteangacha Eorpacha eile) atá sa chéad pháirt.
    trýna: ‘Smut’ atá in ‘trýni’

    Níl aon smaoineamh agam faoi ‘flettismetti’.

    ReplyDelete
  8. Tá an grúpa ceoil Íoslannach-Danmhargach 'Krauka' ar thuras in Meiriceá anois. Beidh siad i gCalifornia agus i Minnesota. Tá ceol go leor ar a suíomh idirlíne má tá suim agat i gceol mar sin.

    http://www.krauka.dk

    ReplyDelete
  9. Gnúisleabhair a thugaimse air, ach tá lasmuigh den Pháil áirithe sin, agus ar intinn agam fanacht lasmuigh.

    ReplyDelete
  10. Chuir sé iontas orm go raibh Íoslainnigh ag iarraidh Íoslainnis a chur ar ainm branda, mar is nós a dhéanfadh roinnt 'Uber-Gaeilgeoirí', .i. daoine a théann thar fóir le gníomharacht teanga.

    Cé go mbeadh fuaimniú difriúil ar 'Facebook' ó theanga go teanga, ní féidir (nó níor cheart, mar ba chirte dom a rá) ainm branda a aistriú go teanga muna ndéanann an comhlacht féin é sin don réigiún. Ní thugann muide 'Leabhar Aghaidhe' (litriú?) ar Facebook má bhaineann muid úsáid as i nGaeilge, agus ní fheiceann muid na Francaigh ag tabhairt 'livre-visage' air ach an oiread. Bhéidís in ann Facebook-síða (.i. suíomh Facebook) a thabhairt air, b'fhéidir, ach níor chóir dóibh dul thar fóir ar an gceist seo, sílim.

    ReplyDelete