Tá an francach ar tí an eangach a ghearradh agus na colúir a shaoradh. Tá an léaráid seo as an leabhar Directorium humanae vitae, alias parabolae antiquorum sapientium .i. “Comhairle ar bheatha an duine, nó seanfhocail na sean-saoithe”. Scéalta teagascacha i riocht finscéalta faoi ainmhithe atá ann.
Agus seo sean-seanfhocal Éireannach ón 9ú haois, a thosaíonn i Sean-Ghaeilge agus a chríochnaíonn i Laidin. Tá leagan níos gonta againn i nGaeilge an lae inniu, mar atá “Aithnítear cara i gcruatan.”
is and = is ansin
asgniintar = aithnítear iad
in charait = na cairde
in tan = an uair
mbither = a bhítear
in periculis = i gcontúirt
Aithnítear na cairde nuair a bhítear i gcontúirt.
Seo léarscáil as Kalîla wa Dimna, leagán Araibise den díolaim chéanna. Aistríodh é ón bhunleagan Sanscraite, an Panchatantra, scéalta a bhfuil aithne ag chuile dhuine orthu fós san India.
@ “Aithnítear cara i gcruatan.”
ReplyDeleteM'anam, a Dennis, ach tá sé sin fíor ceart go leor!
A mbaineann sé leis an scéal nár chuidigh an t-éan sa chrann?
ReplyDeletePréachán é an t-éan sa chrann. Tar éis dó éacht an fhrancaigh a fheiceáil mheas sé gur cheart dó cairdeas a dhéanamh leis an ainmhí sin, rud a rinne sé. Leanann eachtraí eile é seo.
ReplyDelete