24 Meán Fómhair 2010

Ganesh trí shúile Subodh Kerkar


Chuir na líníochtaí seo leis an ealaíontóir Subodh Kerkar gliondar orm nuair a fuair mé iad ar an idirlíon ar maidin. Ach is cosúil gur chuir siad olc ar mhionlach Hiondúch, daoine nach bhfuil acmhainn grinn dá laghad acu, de réir dealraimh.

Ní luch é an t-ainmhí beag sa chúinne. Is francach é. Bíonn vâhana nó “feithicil” ag chuile dhia Hiondúch: tarbh ag Shiva, eala ag Sarasvati, tíogar ag Kali... agus francach ag Ganesh!


Is léir nach svelte an dia é Ganesh. Ní raibh sé tanaí riamh agus is breá leis milseáin. Feictear domsa go raibh sé “chun tosaigh ar an gcuar” sa mhéid seo, áfach. Tá an saol mór (agus a mháthair, a athair agus a chuid páistí) á leanúint anois. Féach The World is Fat ar an New York Times an tseachtain seo.


Deirtear go ndónn an smaointeoireacht a lán calraí. Nó an wishful thinking é sin?


Seo Ganesh eile a thaitníonn liom!

3 comments:

  1. "The world is fat"? Muintir an Iarthar amháin, an mionlach úd atá ag díothú maoin na Cruinne...

    Dála an scéil, luch ollmhór seachas francach atá luaite ar leathanach wikipedia. An fíor go bhfuil sceon ar eilifintí roimh lucha, nó an le cinn na hAfraice amháin a bhaineann sin?

    ReplyDelete
  2. @ 'Deirtear go ndónn an smaointeoireacht a lán calraí. Nó an wishful thinking é sin?'

    Sea, gan dabht, faraor géar...

    ReplyDelete
  3. Táid ann inniu a deir gur “mouse” atá ann agus iad ag caint i mBéarla. “Rat” a deir daoine eile. An fhadhb atá ann ná go gciallaíonn an focal Sanscraite मूष् / मूषिक , mūṣ / mūṣika an rud céanna: luch agus/nó francach. Francach a chonaic mé féin riamh san íocónagrafaíocht. Tugtar “mouse temple” ar an áit seo i mBikaner uaireanta, ach is léir ó na grianghrafanna gur francaigh atá iontu. “Rat temple” an t-ainm coitianta atá air.

    ReplyDelete