30 Meán Fómhair 2010

Déardaoin Dubh


An tAsal faoi Bhréagriocht an Tíogair
le Uffe Christoffersen

Tá leaganacha den seanscéal seo le fáil ar fud an domhain: in Panchatantra na hIndia, i bhfabhalscéalta de chuid Aesop agus La Fontaine, agus sa tSín, mar a nglacann gabhar páirt an asail.

Fadó, fadó, bhí fear níocháin darbh ainm Suddhapata ina chónaí i sráidbhaile. Bhí asal aige agus bhí an t-asal seo fann toisc nach bhfuair sé a dhóthain le hithe. Lá amháin fuair Suddhapata tíogar marbh sa choill. “Tig liom an craiceann a bhaint de agus a chur ar mhuin m'asail,” a dúirt sé leis féin. “Cuirfidh mé ar féarach é sna gorta arbhair é. Beidh eagla ag na tuathánaigh roimhe. Íosfaidh sé a sháith agus éireoidh sé láidir.” Agus sin mar a tharla. Ach lá amháin thosaigh an t-asal ag grágaíl, bhí sé chomh sásta sin leis féin. Chuala na tuathánaigh an fhuaim sin. Thuig siad go tobann an bob a bualadh orthu. Tháinig siad le bataí is maidí agus mharaigh siad an t-asal.


Céard a tharla ansin do Shuddhapata, a rinne dochar dá chuid comharsana agus nach raibh asal aige a thuilleadh leis an níochán a iompar? Ní deirtear linn.

5 comments:

  1. Táim den bharúil go raibh 'asal' nó dhó faoi bhréagriocht tíogair sa tír seo, freisin, a Dennis...

    ReplyDelete
  2. Na bancéirí, gan amhras, an dream a bhlí muid agus atá anois ag santú ár gcuid fola.

    ReplyDelete
  3. @ Na bancéirí

    'Siúdnachpeataí na nÉireannach' iad!

    ReplyDelete
  4. ASG.

    Iontach ar fad.

    Eachtra Siúdnachpeataí agus an dá Bhrian.

    Cá bhfuil Bodach an Chóta Lacthna le muid a tharrtháil ó Chaolta an Iarainn - Strauss Kahn & Rehn?

    ReplyDelete