Nóta imill é seo as an lámhscríbhinn 3 B 23 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tadhg Úa Ríghbhardáin, scríobhaí an leabhair seo, a bhreac síos é. Séard atá sa leabhar seo ná díolaim de théacsanna creidimh, seanmóirí agus peannadóirí den chuid is mó.
Ni tucais mo craide dam a libuir
Tá sé sin brónach ach is léir gurbh fhear cliste a bhí ann!
ReplyDeleteIs seoid ann féin gach blagmhír dá leithéid thuas a Dennis, grma.
ReplyDeleteD'fhéadfá a mhaíomh go bhfuil na línte beaga seo a thaispeánann a mheon dúinn míle uair níos tábhachtaí ná gach focal cráifeach sa leabhar.
An bhfuil ábhar leabhair agat leis na nótaí imill seo? Déarfainn go bhfuil!
An bhfuil réamhobair Dennis feicthe agat, a Dhubhaltaigh?
ReplyDeleteNí sna leabhair atá sólás le fáil ag an creidmheach pé scéal é.
Tá leabhartha passé sa saol ina bhfuilimid beo anois, a Dh. Ach is féidir go mbeadh suíomh dá gcuid féin tuillte acu amach anseo. Pé scéal é, is mór liom do mheas orthu!
ReplyDeleteNíl deireadh ré an leabhar linn fós, ná baol air.
ReplyDeleteAgus is iomaí bailiúchán a thosaigh ón idirlíon agus a fuair áit buan idir clúdaigh leabhair.
Ní sna leabhair atá sólás le fáil ag an gcreidmheach pé scéal é.
ReplyDeleteTá téacsanna Críostaí eile atá níos sólásaí ná na seanmóirí sa lámhscríbhinní Éireannacha, ar aon nós. Is minic a bhíonn bagairt agus eagla chun cinn iontu.
...eile ann atá...
ReplyDeleteMás peannadóir a bhí i gceist, is cáipéis dlí seachas creideamh a bhí iontu, sórt.
ReplyDeleteAn pionós cuí ar an bpeaca ar leith.
Beag sólás a bheadh le fáil as sin.
Nó b'fhéidir go bhfuil ábhar iPhone app agat?
ReplyDeleteNíl deireadh ré an leabhar linn fós, ná baol air.
ReplyDeleteAch bíonn leabhair den chineál seo an-chostasach má dhéantar i gceart iad, le grianghrafanna ardchaighdeáin agus mar sin de. Agus ansin ní bhíonn díol orthu.
Tá cara liom ag tathant a shean-iPhone orm anois díreach. Níl fón póca agam ar chor ar bith fós agus níl ach leathbharúil agam de céard is app ann!
ReplyDeleteNá agamsa, déanta na fírinne. Luddach sa réimse sin mé.
ReplyDeleteTharla gur luaigh Ivan O'Brien liom é tamall siar. Bhíodh aithne agam air fadó.
Suimiúil, mar is iondúil, a Dennis...:-)
ReplyDeleteNíl an leabhar ag fáil báis, ach tá sé ag athrú réimse úsáide. Tá rud ineacht ar cois. Sílim gur feiniméan cultúrtha é a thosaigh roimh an ríomhaire. Seo dhá alt spéisiúil air anseo agus anseo.
ReplyDelete