20 Meán Fómhair 2010

consolatio religionis?


Nóta imill é seo as an lámhscríbhinn 3 B 23 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tadhg Úa Ríghbhardáin, scríobhaí an leabhair seo, a bhreac síos é. Séard atá sa leabhar seo ná díolaim de théacsanna creidimh, seanmóirí agus peannadóirí den chuid is mó.

Ni tucais mo craide dam a libuir


re cois caich ga breith uaim

Níor thug tú mo chroí dom, a leabhair,
le cois cáich á mbreith uaim.

Is cosúil gur chaill an fear seo cairde is gaolta, agus nach bhfuair sé sólás sna focail chráifeacha a bhí á gcóipeáil aige.

14 comments:

  1. Tá sé sin brónach ach is léir gurbh fhear cliste a bhí ann!

    ReplyDelete
  2. Is seoid ann féin gach blagmhír dá leithéid thuas a Dennis, grma.
    D'fhéadfá a mhaíomh go bhfuil na línte beaga seo a thaispeánann a mheon dúinn míle uair níos tábhachtaí ná gach focal cráifeach sa leabhar.

    An bhfuil ábhar leabhair agat leis na nótaí imill seo? Déarfainn go bhfuil!

    ReplyDelete
  3. An bhfuil réamhobair Dennis feicthe agat, a Dhubhaltaigh?

    Ní sna leabhair atá sólás le fáil ag an creidmheach pé scéal é.

    ReplyDelete
  4. Tá leabhartha passé sa saol ina bhfuilimid beo anois, a Dh. Ach is féidir go mbeadh suíomh dá gcuid féin tuillte acu amach anseo. Pé scéal é, is mór liom do mheas orthu!

    ReplyDelete
  5. Níl deireadh ré an leabhar linn fós, ná baol air.

    Agus is iomaí bailiúchán a thosaigh ón idirlíon agus a fuair áit buan idir clúdaigh leabhair.

    ReplyDelete
  6. Ní sna leabhair atá sólás le fáil ag an gcreidmheach pé scéal é.

    Tá téacsanna Críostaí eile atá níos sólásaí ná na seanmóirí sa lámhscríbhinní Éireannacha, ar aon nós. Is minic a bhíonn bagairt agus eagla chun cinn iontu.

    ReplyDelete
  7. Más peannadóir a bhí i gceist, is cáipéis dlí seachas creideamh a bhí iontu, sórt.

    An pionós cuí ar an bpeaca ar leith.

    Beag sólás a bheadh le fáil as sin.

    ReplyDelete
  8. Níl deireadh ré an leabhar linn fós, ná baol air.

    Ach bíonn leabhair den chineál seo an-chostasach má dhéantar i gceart iad, le grianghrafanna ardchaighdeáin agus mar sin de. Agus ansin ní bhíonn díol orthu.

    ReplyDelete
  9. Tá cara liom ag tathant a shean-iPhone orm anois díreach. Níl fón póca agam ar chor ar bith fós agus níl ach leathbharúil agam de céard is app ann!

    ReplyDelete
  10. Ná agamsa, déanta na fírinne. Luddach sa réimse sin mé.

    Tharla gur luaigh Ivan O'Brien liom é tamall siar. Bhíodh aithne agam air fadó.

    ReplyDelete
  11. Suimiúil, mar is iondúil, a Dennis...:-)

    ReplyDelete
  12. Níl an leabhar ag fáil báis, ach tá sé ag athrú réimse úsáide. Tá rud ineacht ar cois. Sílim gur feiniméan cultúrtha é a thosaigh roimh an ríomhaire. Seo dhá alt spéisiúil air anseo agus anseo.

    ReplyDelete