16 Meán Fómhair 2010

ózón san atmaisféar


Dea-scéal os ár gcionn!

An poll san ózón os cionn an Antartaigh
Meán Fhómhair 2006

Deir tuarascáil nua ó UNEP, a tháinig amach inniu (16 Meán Fómhair), go bhfuil Prótacal Montréal ar Shubstaintí a Ídíonn an tÓzónaisféar ag obair. Níl an t-ózónaisféar, a chosnaíonn an Talamh ar radaíocht infridhearg, ag laghdú níos mó. Smaoiníonn na heolaithe go slánófar an chuid is mó de faoi lár an chéid seo. Cosc idirnáisiúnta ar chlórafluaracarbóin (CFC), a bhíodh coitianta i gcuisneoirí agus i gcanna spré tríocha bliain ó shin, is cúis leis an athrú chun feabhais.

6 comments:

  1. Tá cailceacht ar an ngalar, muis!

    An chneasfar an ghoin anois?


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Taispeánann an cosc ar chlórafluaracarbóin dúinn ar fad cad is féidir leis an chine dhaonna a dhéanamh le roinnt cur le chéile.

    Anois ní mór dúinn aghaidh a thabhairt i gceart ar cheist níos práinní fós .i. athrú aeráide.

    ReplyDelete
  3. Is gáis cheaptha teasa iad a lán de na substaintí ar chuir Prótacal Montréal cosc orthu. Sin dhá chúram á ndéanamh in éineacht. Nó dhá éan maraithe le cloch amháin. (Níl a fhios agam an bhfuil leagan níos fearr ná é sin againn i nGaeilge.)

    ReplyDelete
  4. Dea-scéal faoin ózón - faoi dheireadh!

    @ 'Nó dhá éan maraithe le cloch amháin'

    Rachaidh mé i mbun taighde duit, ar fhaitíos aon leagan níos fearr ann, ach táim as baile fós...

    ReplyDelete
  5. @Cailceacht ar an ngalar?

    Cailceacht, an ea?

    Féach "calcaim" ag an Duinníneach


    Fearn

    ReplyDelete