02 Meán Fómhair 2010

pubaill


Seo é an Khan Shatyr i gKazakhstan, an puball is mó ar domhan.


Agus seo é an ceárta gloine (“The Hot Shop”) ag an Museum of Glass i dTacoma. Ní puball atá ann dáiríre, ach tá an cruth céanna air: cón ar leathstuaic. Tá an cruth seo le feiceáil freisin sa tipi clasaiceach, puball Indiach Mheiriceá:



Cén fáth cón ar leathstuaic?


Is breá liom an cruth seo, agus an spás a chruthaítear istigh. Ar an drochuair, ní bhíonn saol fada ag an anairt san aeráid fhliuch atá againn anseo in Iarthar Washington. Ní bheidís ró-shásta faoi spéartha báistí na hÉireann ach oiread. Tógadh an pictiúr thuas ar bhruach na hAbhann Columbia in Oirthear Washington (“an taobh tirim”) mura bhfuil dul amú orm. Nomadics Tipi Makers a rinne na pubaill seo.

3 comments:

  1. An-suimiúil, a Dennis.
    Ar thiomáint trasna na tíre -- Montana, Wyoming go háirithe -- tá típis le feiceáil in aice le tithe na ndaoine ar thaobh na mbóithre.

    ReplyDelete
  2. Feictear an rud céanna in Arizona agus New Mexico i measc na Navajo, ach in ionad na dtípíonna (focal atá ag focal.ie), séard a fhaightear ansin ná hoganacha.

    Déantar tagairt do phubaill sa Táin, ach níl a fhios agam cén cruth a bhí orthu:

    Fo·cerdat a puiplea i suidiu. = Cuireann siad suas a bpubaill san áit sin.

    ReplyDelete