27 Meán Fómhair 2010

Michael ag breathnú...


... ar an ealaíon is nua ar an mballa thuas staighre:

Scuab Fiacla le Gerrad Stockdale

Cliceáil orthu leis an gceann seo agus an ceann thíos a mhéadú.

Seo cor nua sa tseanstíl a d'fhorbair na hIndiaigh anseo sa Phacific Northwest, stíl a bhí ann roimh theacht do na hEorpaigh go dtí an ceantar seo. Tá áthas orm a rá go bhfuil fuinneamh fúithe fós.



Is maith liom an dóigh ar thug Stockdale an “ghramadach ealaíne” seo isteach sa saol atá inniu ann. Is dá bhrí sin gur thug mé an pictiúr seo leis isteach i mo theach féin!

8 comments:

  1. Go deas. An bhfuil suíomh Gréasáin aige? Ag Gerrad, chan ag Mícheal...:-)

    ReplyDelete
  2. Is mo liom an soilsiú i do halla. Agus an ealaín a shoilsíonn sé.

    ReplyDelete
  3. An bhfuil suíomh Gréasáin aige?

    Tá an t-ainm aige. Is é sin le rá, tá suíomh aige, ach tá droch-chaoi air. Ní oibríonn an chuid is mó de. Is fíor-dheas an duine é, ach tá sé beagán scaipthe. Pé scéal, tig leat cliceáil ar “prints are now available” lena chuid ealaíne sa stíl seo a fheiceáil.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, a Dennis.

    Ceist ag an aineolach seo ar an eolach - an bhfuil míniú taobh thiar de na comharthaí istigh sna dearaí?

    ReplyDelete
  5. Cód i bhfolach sa scuab fiacla? Níl. Ach bhí scéalta taobh thiar de na hainmhithe is de na daoine i bpíosaí casta ar nós an chinn atá le feiceáil ar chlúdach an leabhair thuas. Saghas araltais a bhíodh i gceist go minic.

    ReplyDelete
  6. B'fhearr liom ina sheasamh ná ar a chúl é.

    ReplyDelete
  7. Tá sé sin go hálainn - is maith liom do chuid stíle!

    ReplyDelete