12 Meán Fómhair 2010

Fíon dearg eile, led thoil!



De réir páipéar nua san irisleabhar Alcoholism: Clinical and Experimental Research, tá an méid seo fíor, i Meiriceá Thuaidh ar aon nós:

1. Maireann óltóirí measartha (daoine a ólann idir 1 agus 3 dheoch an aghaidh an lae) níos faide ná óltóirí troma... agus níos faide ná staonairí.

2. Agus maireann óltóirí troma ... fan leis seo ... níos faide ná staonairí!

Nocht alt faoi seo sa leagan clóite de Time Magazine (20 Meán Fómhair) agus ar líne anseo.

In ainneoin an méid a dúirt Pól le Tiomóid sa chéad litir chuige, “Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile,” tá Críostaithe ann -- Mormannaigh, Ateachtaigh an tSeachtú Lá, mar shampla -- a dhiúltaíonn an chomhairle sin scun scan. Agus maidir leis na Moslamaigh, séard a deir an leabhar acu ná:

A chreidmhigh! Truailliú ó Shátan is ea deoch mheisciúil agus cearrbhachas agus lámhdhéithe agus saigheada fáistine. Seachain iad le go n-éireoidh leat. 5:90

13 comments:

  1. Go suimiúil.

    Tá an saol níos casta agus níos caolchúisí ná mar a shíltear uaireanta.

    Is dócha go ndéanann daoine dearmad - dochtúirí ina measc - nach daoine cúthaile iad, go bhfuil daoine ann a bhfuil a gcúthaileacht mar bhac mór orthu agus a fhulaingíonn thar chuimse dá bharr.

    Agus is cinnte go mbealaíonn an t-ól an teangmháil idir daoine.

    Tá seanaithne againn ar na fadhbanna chean féin.

    ReplyDelete
  2. Léigh mé i leabhar gur dhiúltaigh Impire Rúiseach Vladimir de Kiev Ioslamachas sa 10ú céad mar gheall ar a gcosc ar an deoch. Chuaigh sé ina Chríostaí agus lean daoine dá ríocht é.

    ReplyDelete
  3. Agus is cinnte go mbealaíonn an t-ól an teangmháil idir daoine.

    Leag tú do mhéar air. Bealadh sóisialta atá ann don a lán againne. Ní ólaim má tá mé liom féin sa bhaile. Ach ólaim i gcónaí ag cóisir agus ag am dinnéir má tá beirt againn, nó níos mó, ann.

    @ Liz -

    Níl a fhios agam an mbeadh an tátal céanna le fáil dá ndéanfaí staidéar mar seo sa Rúis. Is an-trom ar fad a bhíonn an t-ólachán trom ansin!

    ReplyDelete
  4. Rinne tú dearmad ar na Búdaithe. Staonann siad ó alcól fosta. An Proiceapta s’acusan: “Glactar orm féin an proiceapta le staonadh ó dheochanna meisciúla agus drugaí meisciúla a dtugann míchúram.”

    ReplyDelete
  5. Tá sin fíor, a Sheáin, maidir leis na manaigh. Ní staonann gnáthdhaoine na dtíortha Búdaíocha ón alcól ar chor ar bith. Tóg an Téalainn mar shampla, nó an tSeapáin.

    ReplyDelete
  6. Gáire maith is codladh fada- an dá leigheas is fearr i leabhar an dochtúra
    Agus cabhraíonn fíon dearg leis an ngáire is an gcodladh.

    ReplyDelete
  7. Staonann achan duine ó alcól i mBúdacha Ceartchreidmheach (Theravada).

    Mar shampla, Anguttara Nikaya 8.39.

    ReplyDelete
  8. Agus:

    http://en.wikipedia.org/wiki/Five_Precepts

    ReplyDelete
  9. Staonann achan duine ó alcól i mBúdacha[s] Ceartchreidmheach (Theravada).

    Tá bearna mhór idir an teoiric sin agus saol na ngáthdhaoine. Is tír Theravadin í an Téalainn, ach ólann siad alcól go minic ansin mar sin féin, agus itheann siad neart feola. Tuigtear go forleathan sna tíortha Búdaíocha gur cheart go mbeadh riail níos doichte ar na manaigh ná mar atá ar na tuataí. Agus tabhair faoi deara go dtosaíonn Anguttara Nikaya 8.39 leis na focail “Monks, there are these eight rewards of merit...”

    ReplyDelete
  10. Tá bearna mhór idir an teoiric sin agus saol na ngáthdhaoine.

    Cinnte, tá sé san fhuil ionainn.

    Agus tabhair faoi deara go dtosaíonn Anguttara Nikaya 8.39 leis na focail “Monks, there are these eight rewards of merit...”

    Ceart go leor, mar sin, don ghnáthdhuine.

    ReplyDelete
  11. @ 'agus saigheada fáistine. Seachain iad le go n-éireoidh leat. 5:90'

    Nach mbíonn 'fáistine' i ngach leabhar naofa?

    ReplyDelete
  12. GRMA, a Dennis. An bhlagmhír is fearr a léigh mé riamh.

    ReplyDelete
  13. Níl a bhuíochas ort, John! Áthas orm gur thaitin sé leat.
    :-)

    ReplyDelete