28 Meán Fómhair 2010

Ag beachtaíocht ar an nGaeilge...


... na céadta bliain ó shin:

Ni maith an gaeidhlge

ata ar a lan don leabur so

Scríobh mo dhuine an gearán seo ar leathanach 20 den lámhscríbhinn 1436 de chuid Choláiste na Tríonóide. Aistriúchán den tráchtas leighis De Dosibus Medicinarum le Gualterus Agilon atá sa chuid sin den lámhscríbhinn. Is é Cormac Mac Duinn Shléibhe, “basilér a fisigecht”, an duine a chuir Gaeilge ar an tráchtas seo sa bhliain 1459. Ball de “Irish medical family” iomráiteach ab ea é.

Níl a fhios agam cér scríobh an nóta imill seo, ná cathain.

3 comments:

  1. Cad é do mheas faoin pheannaireacht?
    Aon seans gur duine ó lucht Athbheochan na Gaeilge atá ann?

    Nó an rud coitianta ariamh é locht a fháil ar Ghaeilge dhaoine eile?

    ReplyDelete
  2. Ba bheag an meas a bhí ag an lucht leighis riamh ar an bpeannaireacht agus ar shaothrú teanga!

    Ba ar éigin a bhínn le linn mo óige in ann oideas an dochtúra a dhíchriptú, agus ba ábhar iontais dom riamh conas mar a dhein an poitigéir an diabhal rud a thuiscint.

    Déanann an printéir an gnó sa lá inniu.

    ReplyDelete
  3. Aon seans gur duine ó lucht Athbheochan na Gaeilge atá ann?

    Ní dóigh liom é. Déarfainn -- agus níl ann ach buille faoi thuairim -- gur bhreac mo dhuine an nóta seo síos cúpla céad roimhe sin.

    ba ábhar iontais dom riamh conas mar a dhein an poitigéir an diabhal rud a thuiscint

    Bhí orm oideas ó mo dhochtúir a léamh don phoitigéir níos mó ná uair amháin!

    ReplyDelete