08 Meán Fómhair 2010

ab meánaoiseach trasghnéasach


oglach dobí in abdaine drumanaigh

Tá na focail seo le feiceáil i Leabhar Fhear Maighe, lámhscríbhinn de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Is cuid iad den chéad abairt sa scéal “Ab Droimeanaigh a nDearnadh Bean De”. Tá an scéal seo le fáil i gceithre lámhscríbhinn. Cuireadh an téacs in eagar in Anecdota from Irish Manunscripts céad bliain ó shin. Tosaíonn sé mar seo:

Aroile óclách robæi i n-abdaine Druimenaigh, trialltair lais fled morchain do denam do fritheolad na cásc. Iar n-ullmughadh na fledhi téit int oclach amach asin mbruidhin 7 suidhidh for cnoc ardmor uráibhind bai ós cinn baile...

Bheadh sé réasúnta éasca Gaeilge an lae inniu a chur air. An litriú is mó a bheadh le hathrú. Léigh mé an scéal seo deich mbliana ó shin agus bhain sé gáire asam. Séard a tharraing m'aird arís air ná an bhlagmhír seo a léigh mé inniu, iontráil in Beachcombing's Bizarre History Blog. Tá aistriúchán Béarla den scéal ann, in éindí le míniú dá bhfuil taobh thiar de. Níl a fhios agam cá bhfuair sé an t-aistriúchán ná an míniú, áfach.

6 comments:

  1. An bhfuil an t-aistriúchán cruinn?

    Tá dealramh leis an míniú, dar liom. Cogadh briathra na mbráithre!

    ReplyDelete
  2. @ 'because it is God who has brought this judgement on me '

    Ach an oiread le scéal na maighdine, cuirtear béim ar an neamh-ní nuair a bhíonn nithiúlacht an tsaoil measctha le samhlaíocht/creideamh scríbhneoirí na linne sin, b'fhéidir...

    ReplyDelete
  3. An mbíonn RTE Player le fáil sna SÁM, a Dennis? Bhí clár iontach spéisiúil ar RTÉ 1 oíche Dé Máirt faoi shean-leabhar (saltair a bhí ann) ón 9ú haois a aimsíodh i bportach i dTiobraid Árann i 2006. Bhreathnaigh mé air ar rte.ie/player inné sa bhaile, ach ag filleadh ar Chardiff inniu ní raibh sé le fáil ar an leagan idirnáisiúnta den tsuíomh. B'fhiú triail a bhaint as. Déarfainn go dtaitneodh sé leat. Treasures of the Bog, an t-ainm atá air.

    ReplyDelete
  4. Tá leagan beta den RTÉ Player International ar fáil dúinn abhus anseo anois, ach níl Treasures of the Bog ar fáil air.
    :-(

    Bhí a fhios agam go mbeadh an clár sin ann. Bhí an-bhéim ar “the papyrus in the lining of the Egyptian-style leather cover” sna blagmhíreanna a léigh mé roimh ré.

    ReplyDelete
  5. @ Aonghus - Feictear dom go bhfuil an t-aisriúchán réasúnta maith, ach níl a fhios agam cén ceann de na téacsanna -- tá ceithre leagán ann de réir dealraimh -- a d'úsáid a t-aistritheoir. Tá an t-eagrán a rinne Kuno Meyer ar fáil ar líne anseo.

    Feicfidh tú, mar shampla, nach réitíonn an Béarla go beacht leis an mbunleagan anseo:

    & is amlaid bói in t-oclach & at lan-maisech lín uma chenn & leine don t-sróll ríghdha re g-custal a gheilcnis

    And here is how the young man was dressed. His hair was all elegant and… a shirt of purple satin covered his white breast,

    In áit “his hair was all elegant...” séard atá sa Ghaeilge ná “with a very elegant linen ‘hat’ about his head”.

    Is mar sin a thuigimse an focal “at” anseo, ar aon nós.

    ReplyDelete
  6. Caithfidh tú seoladh proxy a fháil, a Dennis. Má tá "gíc" ar aithne agat.

    ReplyDelete