12 Meitheamh 2010

scéal i mbeagán focal


Eitleog is ea an “an long fa seól isinn aer” seo.

Tháinig an scéilín seo, a bhfuil 658 gcarachtar ann, ón lámhscríbhinn Edinburgh 26. Chuir Kuno Meyer eagar air in Anecdota from Irish Manuscripts.

Lá n-áen robátar muintear Clúana a n-oireachtus for urrlár na cille. Amal bátor and for a ráithseachaibh co facatur an long fa seól úaistibh isinn aer, ocus sí ag siubhal amal beth foran fairgi. Ótcíat íaramh lucht na luingi an t-oirechtus 7 an aitreibh fuithibh, cuirit iarumh an acaire amach .i. leanaidh an t-acaire thís for urlár na ecailsi, cor gabhsat na cléirigh hé. Tig fear anúas asan luing a ndeghoidh an acaire 7 mar budh uisgi dó, is amlaidh bói oc snám, co ríacht an acaire go bert tis [sic] é íarumh. 'Ar Dia frib! légidh úaib mé!' ol sé, 'úair atáthur ocum báthadh agaib'. Luid úaithibh íarsin for snám isi[n] aer cédna 7 a acaire lais 7 rl.

Agus seo é an dán a rinne Seamus Heaney as, a bhfuil 546 charactar ann:

The annals say: when the monks of Clonmacnoise
Were all at prayers inside the oratory
A ship appeared above them in the air.

The anchor dragged along behind so deep
It hooked itself into the altar rails
And then, as the big hull rocked to a standstill,

A crewman shinned and grappled down the rope
And struggled to release it. But in vain.
'This man can't bear our life here and will drown,'

The abbot said, 'unless we help him.' So
They did, the freed ship sailed, and the man climbed back
Out of the marvellous as he had known it.

Tá mé cinnte go mbeadh muid in ann é seo a insint go héifeachtach i Nua-Ghaeilge i níos lú ná 300 carachtar. Seo leagan den scéilín i dteanga an lae inniu a fhanann chomh gar agus féidir leis an mbunleagan. Dála an scéil, is féidir na carachtair i bpíosa scríbhneoireachta a chomhaireamh go héasca anseo. Tá 696 sa cheann seo:

Lá amháin bhí muintir Cluana in oireachtas ar urlár na cille. Nuair a bhí siad ag díospóireacht ann chonaic siad an long faoi lán seoil os a gcionn san aer, agus í ag siúl amhail dá mbeadh sí ar an bhfarraige. Ansin feiceann lucht na loinge an t-oireachtas agus an t-áitreabh fúthu. Cuireann siad an an t-ancaire amach. Síneann an t-ancaire síos go dtí urlár na heaglaise agus ghabh na cléirigh é. Tagann fear anuas as an long i ndiaidh an ancaire. Agus mar ba uisce dó is amhlaidh a bhí sé ag snámh gur shroich sé an t-ancaire agus gur rug sé air ansin. “In ainm Dé, ligigí uaibh mé,” ars eisean, “óir tá mé do mo bhá agaibh!” Chuaigh sé uathu ansin ag snámh san aer céanna agus a ancaire leis.

11 comments:

  1. Lá agus muintir Cluana ag allagar sa chill chonaic siad ag snámh san aer long faoi lán seoil. Chonaic na bádóirí iad agus scaoil ancaire. Ghabh na cléirigh an ancaire. Tháinig fear anuas dó, ag snámh tríd an aeir mar a bheadh uisce ann. “Ligigí liom, nó báfar mé” Lig, agus d'fhill sé aníos.

    292

    ReplyDelete
  2. Maith sibh!

    Mar is eol daoibh, ní bean mhór lúfhocal mé féin...:-)

    ReplyDelete
  3. Bhí muintir Cluana cruinnithe san eaglais nuair a chonaic siad an long os a gcionn, ag snámh tríd an aer. Chuir lucht na loinge an t-ancaire is ghabh na cléirigh é. Shnámh fear anuas as an long ansin is rug ar an ancaire. “Lig liom é, in ainm Dé, sula mbáfaí mé!” Agus shnámh sé uathu leis. (291)

    ReplyDelete
  4. Má dhéantar ciorruithe ar líon na bhfocal an mbíonn dea-litríocht nó droch-litríocht mar thoradh air?! ;)

    ReplyDelete
  5. Is fearr liom leagan Dennis. Rinne mé botún ag iarraidh cloí ró ghar don bunleagan.

    Nach é Pascal a dúirt gur scríobh sé litir fhada cionn is nach raibh an t-am aige ceann gairid a scríobh?

    Baineann dua leis an mbeagán!

    ReplyDelete
  6. Montaigne a dúirt é sin:

    “Je n'ai fait celle-ci plus longue que parce que je n'ai pas eu le loisir de la faire plus courte.”

    Is ionann celle-ci agus la lettre, an litir, sa chás seo.

    ReplyDelete
  7. Cad í brí an scéilín sin? An gá dúinn glaoch a chur ar Erich Von Daniken?

    ReplyDelete
  8. Thug Heaney cúpla focal mínithe uaidh anseo roimh dó an dán a reic.

    ReplyDelete
  9. Ó go hálainn - nach é an trua eé nach bhfuil na lámhscríbhinní i mbéal an phobail, mar a dearfá. Go raibh maith agat as ucht é a roinnt.

    ReplyDelete