Seo iad chéad véarsaí an dáin Ένα το χελιδόνι (Ena to khelidoni) le Οδυσσέας Ελύτης (Odysseas Elytis). Bronnadh an Duais Nobel sa Litríocht air sa bhliain 1979. Rinne Mikis Theodorakis amhrán den dán. Tig libh éisteacht le leagan amháin de anseo.
Fáinleog amháin agus an t-earrach daor:
Le go n-éireoidh an ghrian ní mór neart oibre.
Ní mór na mílte marbh ag na rothaí,
Ní mór do na beo a gcuid fola a thabhairt.
In áit eile, ag am eile, shíl na Mexica (na hAstacaigh) go raibh fuil na mbeo riachtanach le “rothaí móra an tsaoil” a choinneáil ag casadh. Gan íobairt na mbeo, .i. gan daoine a chur chun báis -- a lán acu agus go rialta -- ní éireodh an ghrian. Stadfadh chuile rud. Bhí sé chomh simplí sin, dar leo.
Is deacair dúinne a shamhlú cé chomh faiteach agus a bhíodh ár sinsir i dtaobh intuarthacht na gréine. Sa lá inniu ní bhíonn drogall orainn focail lán de fhéinmhuinín a rá amhail "dá fhad oíche tagann lá".
ReplyDeleteNí thiocfaidh faic aniar aduaidh orainn, dar linn - seachas an scannán nua de chuid Lothar Emmerich!
Is fíor duit, gan dabht. Séard nach dtuigimse ná cén fáth an bhfuil fonn na híobartha fite chomh domhain sin sa tsícé. Is cosúil nár ith na Rómhánaigh ná na Ceiltigh ainmhí riamh gan é a mharú mar íobairt do dhia éigin. Agus is deacair liom idirdhealú a dhéanamh ar “íobairt” agus “ofráil” i gcreidimh eile; mar shampla, na coinnle agus an túis sa teampall ó Éirinn go dtí an tSeapáin ... gan trácht ar an airgead a chuirtear sna boscaí beaga.
ReplyDeleteAgus is nós liom le fada beagáinín den deoch atá agam - uisce nó leann - a dhoirteadh ar an talamh agus mé amuigh faoin aer leis na focail “the thirsty earth”. Céard é sin?