09 Meitheamh 2010

rune around



Cloch rúnscríbhinne í seo. Tá sí suite i Skåäng, sa tSualainn. Ní raibh mé riamh sa tír sin, ach is cosúil go bhfuil na clocha seo le fáil ar fad na háite. Tá an inscríbhinn seo inléite gan dua. Ach deir Marco Bianchi, saineolaí i dteangacha Nordacha, nach bhfuil ach gibris ar chuid acu.

Uaireanta ní raibh na daoine a ghrean iad in ann scríobh dáiríre, agus ní raibh an gnáth-Víkingr in ann na litreacha a léamh. Ach bhí chuile dhuine sásta mar sin féin toisc go raibh ardghradam ag baint leis an gcloch féin a bheith ann.

Smaoinigh, mar shampla, ar na daoine sa lá atá inniu ann a bhfuil tatú orthu i dteanga/script choimhthíoch nach dtuigeann siad ar chor ar bith, tatúnna atá lochtach nó áiféiseach sách minic. Ach tá na daoine a cheannaigh iad breá sásta leo mar sin féin.

Mar a dúirt mé, tá an ceann seo inléite. Séard atá scríofa air ná:

+ gnubha ÷ liþ : raisa : stain : þinsa : hibtiR : kulaif : bruþur sin han : antaþis : austr : at þikum

.i.

Gnupa let ræisa stæin þennsa æftiR Guðlæif, broður sinn. Hann ændaðis austr at þingum.

.i.

Thóg Gnúpa an chloch seo i gcuimhne Gulleifr, a dheartháir. Fuair sé bás thoir sa Dáil.

2 comments:

  1. An bhfuil a fhios agat, a Dennis, cén aois atá an chloch? Agus cá raibh an Þing sa tSualainn na blianta ó shin?? Ag Stockholm, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  2. San aonú haois déag? Féach an t-alt seo. Tá Stockholm san oirthuaisceart ón gcloch seo.

    Nach suimiúil an dóigh a bhfuil an swastika fite isteach sa chros?

    ReplyDelete