16 Meitheamh 2010

The Rational Optimist



Deir Matt Ridley go bhfuil rath ar an gcine daonna inniu nach raibh orainn riamh roimhe agus go bhfuil an rathúnas ag méadú. Tagann sé ó chuile dhuine a bheith ag obair do chuile dhuine eile.

Thosaigh sé seo 100,000 bliain ó shin le dhá rud: (1) malartú earraí is seirbhísí, agus (2) speisialtóireacht. Saghas “inchinn comhchoiteann” a d'fhás astu seo. Tig linn pinn luaidhe, na mílte acu, a dhéanamh gan dua. Ach níl duine aonair againn in ann fiú is peann luaidhe amháin a dhéanamh leis féin “ón talamh aníos” gan dua dochreidte. Séard atá againn de bharr an chomhair seo ná caighdeán maireachtála atá ag síor-fheabhsú.

Tá muid níos spleáiche ar a chéile ná riamh. Tá níos mó muiníne againn as a chéile ná riamh agus tá muid níos féile lena chéile ná riamh, creid é nó ná creid. Is cúis dóchais dúinn féin agus don phláinéad é seo.

Tá mé leath bealaigh tríd an leabhar anois. Scríbhneoir agus scéalaí an-éifeachtach é Ridley. Tá a chuid próis éasca a léamh agus tá fíricí agus/nó míniú agus/nó conclúid ar beagnach gach leathanach a choinníonn mo shúile ar oscailt agus m'intinn ag obair. Níl a fhios agam fós an bhfuil mé ar aon intinn le Ridley maidir leis na conclúidí uilig agus leis an anailís taobh thiar díobh. Ach mar a dúirt William Easterly sa léirmheas - sách beachtaíoch, dála an scéil - a scríobh sé ar an New York Times Dé Domhnaigh, “A High-Five for the Invisible Hand”, is fiú an leabhar seo a léamh “for its fascinating history of trade and innovation”.

Seo sliocht as a bhain gáire asam:

The Dark Ages were a massive experiment in the back-to-the-land hippy lifestyle (without the trust fund): you ground your own corn, sheared your own sheep, cured your own leather and cut your own wood. Any pathetic surplus you generated was confiscated to support a monk, or maybe you could occasionally sell something to buy a metal tool off a part-time blacksmith. Otherwise, subsistence replaced specialisation.

12 comments:

  1. Cén sort oideachais atá ag an údar? An staraí é? An bhfuil eolas domhain ar an ábhar aige?

    ReplyDelete
  2. An bhfuil a chuid staire go léir go hamscaí agus simplithe sin?

    "confiscated to support a monk", mar dhea.

    Ceard go díreach an aois Dorcha atá i gceist aige?

    Sílim go bhfuil an téis ceart, áfach: ní neart go cur le chéile! An cheist ná an bhfuil muid á chuir i mbaol de bhrí nach bhfuil muid ag aithint níos mó go bhfuil muid spléach chomh mór sin ar a chéile, agus dá bharr freagrach dá cheile.

    ReplyDelete
  3. Tá cur síos air anseo. Tá PhD aige ó Ollscoil Oxford i zó-eolaíocht agus ba eagarthóir eolaíochta é leis an iris The Economist ar feadh cúpla bliain.

    ReplyDelete
  4. Chuirfeadh an léirmheas úd goile orm ceart go leor.

    Áit éigin ar an liosta...

    Ach tá amhras orm i gcónaí faoi aon teoiric a ghlacann leis go bhfuil cúis amháin le dul chun chinn an chine - nó fiú gur dul chun cinn síoraí ata i gceist.

    ReplyDelete
  5. Zó-eolaíocht! Ní staraí é. Conas arbh fhéidir leis leabhar mar seo a chur i gcló?

    Ar léigh tú an leabhar "Guns,Germs, and Steel". Scríobh luibheolaí é. Tá go leor ráiméis maidir leis an stair sa leabhar sin freisin.

    ReplyDelete
  6. Cad is staraí ann? An mbeadh duine a bhfuil sáreolas aige/aici ar stair an dlí in Éirinn sa mheánaois in ann jab níos fearr a dhéanamh? Tá aithne agam ar dhuine nó dhó mar sin, agus tá mé cinnte nach mbeidís sásta nó ábalta anailís a dhéanamh ar an réimse fada ama atá faoi chaibidil ag Ridley. Is fear meabhrach é a bhfuil a lán taighde agus léitheoireacht déanta aige. Ná meas faoina luach é.

    ReplyDelete
  7. Luaigh tú an leabhar seo ar bhlag eile le déanaí. Agus rinne mé cuardach air, chonaic mé an físeán seo ar You Tube de!

    Deireann mo dhuine go bhfuil muid níos fearr as inniu, gur ríthe muide go léir, go bhféadaimis dul amach agus ár rogha rud a ithe etc. Cócairí ar fáil dúinn i mbialanna etc. Seirbhísí, rogha etc etc.
    Ar ndóigh tá sé ag breathnú ar an saol trína shúile saibhir féin. Óna chúinne compordach féin.
    Tá daoine ag fáil bháis ó ocras ina thír féin ná bac le tíortha eile timpeall an domhain.
    Tá neamhionannas ag méadú as cuimse freisin le 50 bliain anuas. Tá tuarastail marbhánta, tá fiacha ag fás, tá muid go léir anois mar seirfigh do na bhainc is margaí.... etc. etc. etc.

    ReplyDelete
  8. Go raibh maith agat as an nasc. Is fíor, gan dabht dá laghad, go bhfuil a lán daoine thíos leis an gcóras atá i réim faoi láthair. Ní cuimhin linn, áfach, chomh dona agus a bhí cúrsaí don a lán lán daoine fiú is céad bliain ó shin. Cén fáth a bhfuil daoine óga ag fágáil na feirme sa tSín le dul ag obair i monarchana móra na gcathracha mar a bhfuil siad faoi bhrú uafásach? Toisc go smaoiníonn siad go bhfuil an saol nua cathrach seo i bhfad níos fearr ná an bhochtaineacht agus an leadrán a bhí acu -- agus ag chuile dhuine a tháinig rompu -- amuigh faoin tuath.

    ReplyDelete
  9. Gan trácht ar an mbaol gorta faoin dtír, má theipeann ar na barraí.

    ReplyDelete
  10. An ceart agaibh beirt. Ach is dóigh má thógann muid aon ní as an leabhar seo is é; ní neart go cur le chéile

    ReplyDelete
  11. "Ar léigh tú an leabhar "Guns,Germs, and Steel"."

    Ba é an leabhar céanna a chuir an leabhar thuas i gcuimhne domsa!

    Eolaíocht phobail agus seanchas fite fuaite le chéile ar chaoi shiamsiúl chun leagan den stair - a bhfuil an chuma air go bhféadfadh sé a bheith fíor - a chur mar scéal craicneach ar fáil - agus má tá a leithéid cumtha go maith is féidir taitneamh a bhaint as.

    ReplyDelete
  12. Bhain mé sult as GG&S. Rinne Spencer Wells, údar Pandora's Seed, an leabhar eile a phléigh mé anseo le déanaí, tagairt mholtach dó. Rinne Diamond i bhfad níos mó ná “popularization” i GG&S. Thug sé teoiric úrnua faoinár mbráid le treoracha móra na staire a mhíniú.

    ReplyDelete