30 Meitheamh 2010

gramadach



Cé acu ceann is fearr:

1. an oifig an phoist is gaire duit

2. an oifig phoist is gaire duit

3. (rud éigin eile)

12 comments:

  1. Uimhir a dó? Déarfainn! Ach ní fear mór gramadaí mé.

    ReplyDelete
  2. Níl (1) ceadaithe de réir rialacha comhréire na Gaeilge, dar liomsa. “Oifig an phoist is gaire duit” a déarfainn féin…

    ReplyDelete
  3. Cad faoi 'An Phostoifig is gaire duit'?

    ReplyDelete
  4. An rud atá sa chaint agamsa - an oifig poist is gaire duit -, agus má éiríonn leis an bpáirt sin de m'aighneacht chuig an CSA, is mar sin a bheas...;-)

    Idir an dá linn, seans go bhfuil uimhir 2 ceart, mar is 'oifig phoist' atá ar focal.ie, agus an 'oifig pearsanra' ann freisin, taobh leis an 'oifig pleanála'...

    ReplyDelete
  5. Aiféala orm, a Dennis, ach níor oibrigh an HTML dom an t-am sin:

    http://miseaine.blogspot.com/2010/06/caighdean-oifigiuil-na-gaeilge-treimhse.html

    ReplyDelete
  6. an phostoifig is gaire duit

    Sin réiteach cliste!

    an oifig p(h)oist is gaire duit

    Is cuma faoin séimhiú! Tá “oifig faisnéise” agus “oifig ticéad” ag FGB ar láimh amháin, agus “oifig phoist” acu ar an láimh eile.

    [Téigh chuig] oifig an phoist is gaire duit.

    Feicim go mbeadh an leagan seo loighciúil, ach ní dóigh liom gur chuala mé riamh é. Níl fadhb dá laghad le “Téigh chuig oifig an phoist”, ar ndóigh, ach nuair a chuirtear “is gaire duit” leis, bhuel, níl a fhios agam...

    An mbeadh sibh sásta le “uachtarán seo na hÉireann” (this president of Ireland)? “Uachtarán seo Stát Aontaithe Mheiriceá”?

    ReplyDelete
  7. Dála an scéil, an bhfuil aon difríocht idir “is gaire duit” agus “is giorra duit” ó thaobh na céille de? An bhfuil rian ar bith den bhrí “convenient” le brath sa chéad leagan? Ag smaoineamh ar “déanfaidh mé gar duit” etc. atá mé.

    ReplyDelete
  8. @ 'is gaire' agus 'is giorra'

    Níl ann anseo ach mo thuairim, a Dennis, ó tharla mé féin de shíor ag foghlaim liom, ach is ionann ‘is gaire duit’ agus ‘nearest’, agus is ionann ‘is giorra’ agus ‘shortest’ i mo chloigeannsa.

    Níl a fhios agam cén chaoi a bhféadfá ‘is giorra duit’ a úsáid – bhfuil sampla agat?

    Maidir le ‘convenient’ agus ‘gar’, ní bhainfinn úsáid as sa chomhthéacs sin, cheapfainn. Thógfainn, mar shampla, ‘an cathaoir is gaire dom’ ó tharla é ‘nearest to me’, ach dá mbeadh sé ‘convenient’, is dóigh liom go dtógfainn ‘an cathaoir is áisiúla’!

    Ach, sin mise, agus ní hé sin le rá go bhfuilim ceart. Níl ann ach mo léamh féin ar an teanga, mar a déarfá.

    Ní bheadh fadhb agam le ‘is maith liom uachtarán seo na hÉireann’ a rá, ná, mar a tharlaíonn sé, ní bheadh fadhb agam le ‘is maith liom uachtarán seo Stát Aontaithe Mheiriceá’ a rá ach oiread…:-)

    ReplyDelete
  9. Maidir le “uachtarán seo na hÉireann”, fuair mé an chomhairle seo in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí:

    104. Nuair atá aidiacht thaispeántach ag cáiliú an ainmfhocail: - an fear sin; an leabhar seo; ciall na mná úd.

    (d) más ainmfhocal cinnte nach ainm duine atá ag cáilliú an ainmfhocail tá rogha ar thrí leagan ann: - fear sin an airgid; an fear sin an airgid; fear an airgid sin.

    ReplyDelete
  10. Maidir le “gaire ~ giorra”, caithfidh gur ceist chanúnach é. Tá na habairtí samplacha seo in FGB:

    an áit is giorra dúinn, the place nearest to us

    Is giorra cabhair Dé ná an doras.

    Is féidir “is cóngaraí dúinn” a rá agus an cheist seo a sheachaint, ar ndóigh. Is ó “comh + gar” a thagann “cóngar”.

    ReplyDelete
  11. Caithfear an modh nua sin, An Modh Seachanta, a fhoghlaim de ghlan mheabhair...;-)

    ReplyDelete
  12. Is iomaí leagan atá acu féin:
    Oifig an Phoist
    Lorg an focal 'oifig'.

    ReplyDelete