tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post8638884184392124439..comments2024-03-17T19:17:27.086-07:00Comments on Nótaí Imill: gramadachDennis Kinghttp://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comBlogger12125tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-57381306063665969192010-07-02T11:29:50.645-07:002010-07-02T11:29:50.645-07:00Is iomaí leagan atá acu féin:
Oifig an Phoist
Lorg...Is iomaí leagan atá acu féin:
Oifig an Phoist
Lorg an focal 'oifig'.Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-515299473961668612010-07-01T14:05:15.778-07:002010-07-01T14:05:15.778-07:00Caithfear an modh nua sin, An Modh Seachanta, a fh...Caithfear an modh nua sin, An Modh Seachanta, a fhoghlaim de ghlan mheabhair...;-)Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-27067940136295580662010-07-01T08:04:16.215-07:002010-07-01T08:04:16.215-07:00Maidir le “gaire ~ giorra”, caithfidh gur ceist ch...Maidir le “gaire ~ giorra”, caithfidh gur ceist chanúnach é. Tá na habairtí samplacha seo in FGB:

an áit is giorra dúinn, the place nearest to us

Is giorra cabhair Dé ná an doras.

Is féidir “is cóngaraí dúinn” a rá agus an cheist seo a sheachaint, ar ndóigh. Is ó “comh + gar” a thagann “cóngar”.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-49867093814873251152010-07-01T07:42:30.645-07:002010-07-01T07:42:30.645-07:00Maidir le “uachtarán seo na hÉireann”, fuair mé an...Maidir le “uachtarán seo na hÉireann”, fuair mé an chomhairle seo in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí:

104. Nuair atá aidiacht thaispeántach ag cáiliú an ainmfhocail: - an fear sin; an leabhar seo; ciall na mná úd.

(d) más ainmfhocal cinnte nach ainm duine atá ag cáilliú an ainmfhocail tá rogha ar thrí leagan ann: - fear sin an airgid; an fear sin an airgid; fear an airgid sin.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-5754452491515905302010-07-01T04:10:50.875-07:002010-07-01T04:10:50.875-07:00@ 'is gaire' agus 'is giorra'
Níl...@ 'is gaire' agus 'is giorra'

Níl ann anseo ach mo thuairim, a Dennis, ó tharla mé féin de shíor ag foghlaim liom, ach is ionann ‘is gaire duit’ agus ‘nearest’, agus is ionann ‘is giorra’ agus ‘shortest’ i mo chloigeannsa.

Níl a fhios agam cén chaoi a bhféadfá ‘is giorra duit’ a úsáid – bhfuil sampla agat?

Maidir le ‘convenient’ agus ‘gar’, ní bhainfinn úsáid as sa chomhthéacs sin, cheapfainn. Thógfainn, mar shampla, ‘an cathaoir is gaire dom’ ó tharla é ‘nearest to me’, ach dá mbeadh sé ‘convenient’, is dóigh liom go dtógfainn ‘an cathaoir is áisiúla’!

Ach, sin mise, agus ní hé sin le rá go bhfuilim ceart. Níl ann ach mo léamh féin ar an teanga, mar a déarfá.

Ní bheadh fadhb agam le ‘is maith liom uachtarán seo na hÉireann’ a rá, ná, mar a tharlaíonn sé, ní bheadh fadhb agam le ‘is maith liom uachtarán seo Stát Aontaithe Mheiriceá’ a rá ach oiread…:-)Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-70444169773980473372010-06-30T14:28:08.653-07:002010-06-30T14:28:08.653-07:00Dála an scéil, an bhfuil aon difríocht idir “is ga...Dála an scéil, an bhfuil aon difríocht idir “is gaire duit” agus “is giorra duit” ó thaobh na céille de? An bhfuil rian ar bith den bhrí “convenient” le brath sa chéad leagan? Ag smaoineamh ar “déanfaidh mé gar duit” etc. atá mé.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-7788507197644510682010-06-30T14:00:10.547-07:002010-06-30T14:00:10.547-07:00an phostoifig is gaire duit
Sin réiteach cliste!...an phostoifig is gaire duit

Sin réiteach cliste!

an oifig p(h)oist is gaire duit

Is cuma faoin séimhiú! Tá “oifig faisnéise” agus “oifig ticéad” ag FGB ar láimh amháin, agus “oifig phoist” acu ar an láimh eile.

[Téigh chuig] oifig an phoist is gaire duit.

Feicim go mbeadh an leagan seo loighciúil, ach ní dóigh liom gur chuala mé riamh é. Níl fadhb dá laghad le “Téigh chuig oifig an phoist”, ar ndóigh, ach nuair a chuirtear “is gaire duit” leis, bhuel, níl a fhios agam...

An mbeadh sibh sásta le “uachtarán seo na hÉireann” (this president of Ireland)? “Uachtarán seo Stát Aontaithe Mheiriceá”?Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-56942459174661568932010-06-30T11:17:24.390-07:002010-06-30T11:17:24.390-07:00Aiféala orm, a Dennis, ach níor oibrigh an HTML do...Aiféala orm, a Dennis, ach níor oibrigh an HTML dom an t-am sin:

http://miseaine.blogspot.com/2010/06/caighdean-oifigiuil-na-gaeilge-treimhse.htmlMise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-47253669799356525362010-06-30T11:15:53.990-07:002010-06-30T11:15:53.990-07:00An rud atá sa chaint agamsa - an oifig poist is ga...An rud atá sa chaint agamsa - an oifig poist is gaire duit -, agus má éiríonn leis an bpáirt sin de m'aighneacht chuig an CSA, is mar sin a bheas...;-)

Idir an dá linn, seans go bhfuil uimhir 2 ceart, mar is 'oifig phoist' atá ar focal.ie, agus an 'oifig pearsanra' ann freisin, taobh leis an 'oifig pleanála'...Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-34311515614150550802010-06-30T11:14:44.461-07:002010-06-30T11:14:44.461-07:00Cad faoi 'An Phostoifig is gaire duit'?Cad faoi 'An Phostoifig is gaire duit'?Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-22802439704100479252010-06-30T10:56:31.626-07:002010-06-30T10:56:31.626-07:00Níl (1) ceadaithe de réir rialacha comhréire na Ga...Níl (1) ceadaithe de réir rialacha comhréire na Gaeilge, dar liomsa. “Oifig an phoist is gaire duit” a déarfainn féin…Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-50298124984490371822010-06-30T10:51:11.964-07:002010-06-30T10:51:11.964-07:00Uimhir a dó? Déarfainn! Ach ní fear mór gramadaí m...Uimhir a dó? Déarfainn! Ach ní fear mór gramadaí mé.Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.com