28 Meitheamh 2010

neamhspleáchas?



Is cosúil go bhfuil an tAoire Gearmánach den bharúil go bhfuilimid beo fós sa mheánaois. Tá fearg air anois toisc nár thug póilíní na Beilge ómós dá laghad don Eaglais mar eagraíocht speisialta a bhfuil dlí dá cuid féin aici. Ach ní aithníonn rialtas na Beilge dlí canónta na hEaglaise. Bhí an Eoraip faoi smacht ag an Eaglais agus ag a dlí tráth den saol, ach tá an ré sin thart. Tig leis an bPápa a bheith ag rámhaille faoi reciprocal specificity and autonomy” an dá chórais, an córas cléiriúil agus an córas sibhialta, ach is finscéal é sin. Níl stádas speisialta ag an Eaglais a thuilleadh. Tá sí cosúil le corparáid ar bith eile. Tig le corparáid rialacha dá cuid féin a bheith aici, cinnte, ach má dhéantar coir (agus is coir éigniú agus mí-úsáid leanaí ar fud an domhain), ní mór do na póilíní (an Belgian Crown Prosecution Office sa chás seo) imscrúdú coiriúil a dhéanamh. Ní raibh a lán póilíní in a lán tíortha sásta é sin a dhéanamh go dtí le déanaí. Bhí an iomarca - i bhfad an iomarca - ómóis acu don Eaglais. Ach is léir don saol mór agus a mháthair anois nach bhfuil an Eaglais le trust.

8 comments:

  1. Cheap mé féin go raibh an ráiteas sin ón phápa iontach ait, a Dennis, ach níor chuir sé iontas dá laghad orm é a chloisteáil uaidh!

    Tagaim leat, a chara. Caithfear an dlí a chur a bhfeidhm, is cuma cléir nó sibhialtach, eaglais nó rialtas, i mbun coire.

    ReplyDelete
  2. Admhaím nár léigh mé ráiteas an Phápa, ach cheapfainn go mbeadh baint ann le saoirseacht taidhleoireachta (diplomatic immunity). Fadhb uafásach é don eaglais. Níl an todchaí ró-shoiléir dóibh.

    ReplyDelete
  3. quote:
    "Is cosúil go bhfuil an tAoire Gearmánach den bharúil go bhfuilimid beo fós sa mheánaois"

    Sa mheánaois nó sa Ré Dhorcha?

    ReplyDelete
  4. @ Gerry

    Ach níl aon choncordáid (Concordat) idir an Suí Naofa agus an Bheilg.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat as sin Dennis. Níor chuala mé aon rud faoi sin. Is é sin le rá ráiteas mo dhuine sa Róimh.

    Caithfidh mé a rá go gcuireann sé iontas orm!

    ReplyDelete
  6. An bhfuil tosca an scéil curtha as a riocht agat ar mhaith le do chlaonadh fhéin? "An tAoire Gearmáineach"?

    Seo a leanas a deir an BBC:

    De réir mar a thuigim tá an Pápa ceart go leor leis fhad is a dhéantar an scrúdú leis an iogaireacht a bheadh a huile dhuine ag súil leis. Ná déan dearúd nach raibh amhrásáin ar an dream seo, ach na daoine a bhí i mbun an scrúdaithe inmheánaigh. Is sícheolaí páistí an fear i mbun an choiste, nach sagart é. Anois tá briseadh rúndacht sícheolaí othar.

    I gcead don Bheilgeach, ní raibh sé caolchúiseach riamh.
    Agus i gcead duitse, a Bhlagóir, ná cas an scéal ar do chlaonadh fhéin. Tá mianach níos fearr ionat.

    " Vatican anger over child sex abuse raids in Belgium
    The Pope's reaction to the raids was more measured Last week's police raid in Belgium which broke up a meeting of the country's Catholic bishops - who were discussing how to deal with the paedophile priest crisis - took the Vatican by complete surprise.

    Cardinal Tarcisio Bertone, the Vatican Secretary of State - Pope Benedict's number two - was furious when he learned about how the police prevented the bishops from leaving the building where they had been meeting for nine hours, and took away their mobile telephones to prevent them communicating with their staff or with the Vatican.

    The police seized files not only from the headquarters of the Catholic Church in Brussels but also took away the laptop belonging to the former head of the Church in Belgium, Cardinal Godfried Danneels.

    They also allegedly profaned the tomb of at least one former Belgian cardinal at the cathedral in Mechelen during what seems to have been a frenetic search for possible incriminating documents.

    Cardinal Bertone angrily told reporters during a conference he was attending at a Catholic University in Rome that not even communist states dared to treat Church authorities and Church property in this way. He summoned the Belgian ambassador to the Vatican and handed him a formal protest note.

    Change of tone

    Pope Benedict's own reaction in a letter to the head of the Belgian Church was more measured.

    An inquiry into church sex abuse in Belgium has been running for years While deploring the way in which the Belgian police had conducted their search for evidence of possible crimes of sex abuse committed by Belgian clergy, he said he was happy to let justice take its course provided the rights of all parties, victims of alleged abuse and accused priests, were respected"


    Fearn

    ReplyDelete
  7. 1. Aonghus, a deir gur “Caitliceach coimeádach” é féin, a dúirt "is fearr liom m'aoire Ghearmánach [sic] féin".

    2. Change of tone. Go díreach. Bhí an chéad ráiteas ón bPápa níos teasaí.

    3. a Bhlagóir

    “Blagálaí” an téarma atá ag focal.ie, ach is fearr liomsa “blagadóir”, leagan eile a úsáidtear go forleathan. Tig leat Dennis a chur orm freisin. Tá m'ainm féin in úsáid agam anseo, murab ionann is tú féin. Cé hé Fearn? Cá bhfuil cónaí air? Cén fáth a bhfuil sé i bhfolach?

    ReplyDelete
  8. 1. Fág Aonghas mar a bhfuil sé. Seans go bhfuil saorthoil agatsa

    2. Á! A thon atá tú ag buaileadh?

    3. Chead do thuairim fhéin agat ach ná iarr béas nach raibh tú a thabhairt. Agus maidir liom fhéin ; don d'fhiafraí ort, ní bhaineann sé le hábhar.


    Fearn

    ReplyDelete