21 Meitheamh 2010

r rotunda



Chuir “Anonymous” (Fearn?) ceist orm maidir leis an ‘r’ seo seachtain nó dhó ó shin. “R rotunda” an t-ainm atá ag na clóghráfóirí air. Bhíodh sé sách coitianta i lámhscríbhinní ar fud na hEorpa tráth den saol, ní hamháin i LSS Gaelacha. Tagann sé ar lorg na litreach ‘o’ de ghnáth, ach faightear é freisin ar lorg litreacha eile a bhfuil an taobh deas díobh cruinn: p, b, etc.

“Gormlaith glórda”, sampla as an Leabhar Laighneach



Bhí an r rotunda le fáil i gcúpla clófhoireann luath freisin. Seo thuas leathanach as Lochrann na gCreidmheach, a cuireadh i gCló Gaeilge na Róimhe i lár an tseachtú haois déag. Tá an r le feiceáil faoi dhó ag deireadh an chéad pharagraf:

7 ór nolc féin do gheibhimid na fiachasa do bheith oraind.

NB: ór nolc = ónár n-olc

2 comments:

  1. mise a chur an cheist, grma as an soiléiriú

    ReplyDelete
  2. Ní gá dom an séanadh leoga. Tá an fhirinne agat!

    Fearn

    ReplyDelete