11 Meitheamh 2010

pelvic inlet depth index




Pelvic inlet depth index: téarma nach bhfuil ag focal.ie. D'fhoghlaim mé inné é agus mé ag éisteacht* le leabhar nua, Pandora's Seed le Spencer Wells. Píosa deas popular science atá ann. Níl a fhios agam conas é sin a rá i nGaeilge ach oiread. Maidir le popular culture, tá na roghanna seo a leanas ag focal.ie:

cultúr pobail
cultúr coiteann
cultúr na ndaoine
cultúr an phobail

Pé scéal é, is cosúil -- agus ní eolas nua é seo -- go raibh coirp níos folláine ag ár sinsir i bhfad ó shin roimh an réabhlóide neoilití, nuair a bhí chuile dhuine ina fhiagaí/cnuasaitheoir. Scríobh Jared Diamond alt faoi seo, “The Worst Mistake in the History of the Human Race”, fiche trí bliana ó shin.

Bhí a fhios agam ó altanna mar seo go raibh muid níos bige mar fheirmeoirí ná mar a bhí muid mar shealgairí. Ní raibh a fhios agam go raibh breith clainne níos éasca agus níos sábháilte ag an am sin freisin. Tá an cine daonna níos airde arís inniu, faoi dheireadh thiar thall. Ach níl an pelvic inlet depth index chomh hard fós agus a bhí sé 10,000 bliain ó shin.

* Tá an closleabhar níos saoire ($14.95 ó iTunes) ná an leabhar clóite ($26.00, ach $15.21 ó Amazon).

7 comments:

  1. recte: 10,000 bliain ó shin

    Ní raibh mé in ann an bhlagmhír seo a athrú. Bhíodh “Edit Post” ag barr an leathanaigh in aice le “New Post”. Ach tá “Design” san áit sin inniu! Céard atá le déanamh agam anois?

    ReplyDelete
  2. Nach bhfuil an peann eagarthóireachta le feiceáil in aice le "Blúire baoise a d'fhoilsigh Dennis King"?

    Dhá cheist agam ort.
    1) An míníonn siad cén fáth go bhfuil muid ag éirí níos airde? Bia an ea? etc.
    2) Cad é atá chomh suntasach faoi pelvic inlet depth index ?

    ReplyDelete
  3. Ah, an peann luaidhe! Níor bhain mé feidhm as riamh go dtí anois. Sonas ort!

    Maidir leis an dá cheist a chuir tú:

    1) Bia agus leigheas is dócha. Thosaigh mé an leabhar le Wells inné agus níl a lán de cloiste agam fós.

    2) Is cosúil gur saghas caolas atá i gceist idir an bhroinn agus an domhan mór millteanach míorúilteach (etc. etc.) atá ag fanacht leis an leanbh ar an taobh amuigh. Dá airde an p.i.d.i. is ea is éasca an bhreith. Cailleadh a lán ban i mbreith clainne san Oirthear go dtí le déanaí, agus tá breith clainne an-chontúirteach fós san Afraic.

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, tá p.i.d.i. trí na haoiseanna, in éineacht le hairde agus tréimhse saoil, le feiceáil i riocht cairte anseo.

    ReplyDelete
  5. An bhfuil sainmhíniú cruinn ar "Pelvic inlet depth index" ag an leabhar atá agat?
    Conas a meastar é? Fad ó chnámh go cnámh mar chéatadán de rud eile?

    ReplyDelete
  6. Bhain Wells úsáid as an téarma gan é a mhíniú sa chuid den leabhar atá cloiste agam, .i. an chéad dá chaibidil. Le bheith cruinn, “pelvic depth index” a deir seisean. Bhí orm dul go dtí an idirlíon le níos mó a fháil faoi. An amhlaidh nár chuala tú trácht air, mar dhochtúir, go dtí seo? Is cosúil nach raibh mé chomh dearg-aineolach agus a shíl mé!
    ;-)

    ReplyDelete
  7. Go bhfios dom, ní téarma léighis é, ach téarma antraipeolaíochta.

    ReplyDelete