28 Meitheamh 2010

Na Manaigh sa Bhéarlagair Chinook



Tá mé díreach tar éis Béarlagair Chinook a chur ar scéilín an Triúir Manach. Mar a dúirt mé cheana, is pidsean nó nasctheanga é an béarlagair seo, meascán de theangacha dúchasacha (Chinook, Chehalis, Clackamas, Calapooia, Clallam, Bellabella, Nootka, Klickitat, Wasco, Salish), de Fhraincis agus de Bhéarla. Seo iad na focail Eorpacha sa scéilín:

leplet = sagart ~ le prêtre

mahsh = fág, imigh ~ marche / marcher = siúil

lemolo = fiáin ~ le marron = sclábhaí ar teitheadh, ainmhí fiáin

town = baile mór ~ town

cole = geimhreadh, bliain ~ cold

spose = má ~ suppose

2 comments:

  1. Tá na focail sin iontach suimiúil. Maith thú, a Dennis, as iad a roinnt linn.

    Agus bhain an scéal Triúir Manach gáire asam - arís!

    ReplyDelete
  2. Thanamandiail! an bhfuil aon teora led' ilteangachas?

    ReplyDelete