06 Meitheamh 2010

na comharsana


Thóg mé na grianghrafanna seo ón deic deich nóiméad ó shin, ag beagnach a sé a chlog ar lá scamallach. Chuaigh mé amach nuair a chuala mé iad ag caint le chéile, an mháthair agus a beirt choileán.



3 comments:

  1. Ana dheas. An bhfuil siad coitianta? An féidir maireachtáil leo, nó an loiteann siad rudaí?

    ReplyDelete
  2. An-choitianta. Is ainmhithe uirbeacha iad. Bhí comharsa dhá-chosach ag gearán le déanaí gur leag siad a bhosca bruscair. (Coinním na boscaí bruscair is athchúrsála sa gharáiste mar nach bhfuil fáil ag na racúin orthu!) Uaireanta itheann siad na héisc órga atá ina gcónaí sa linn bheag sa chlós againn. Agus tig leo cat a lot má tá an cat sách amaideach le dul in ngleic leo. Fanann siad glan óna chéile de ghnáth. Tá siad an-chosúil le béir bheaga ina slí bheatha. Tá cleachtadh fada againn orthu anseo. Ach tá siad i bhfad níos ciúine ná na préacháin!

    ReplyDelete
  3. Agus tá siad i bhfad níos ciúine...

    ReplyDelete