19 Meitheamh 2010

leagan cuileog




Tharla sé i Havering, Sasana, ach is dócha gur thuig sibhse in Éirinn ar an toirt céard a bhí i gceist ... murab ionann agus mise, an Poncán bocht. Tá's agam céard is “cow tipping” ann, cinnte. Ach conas a leagtar cuileog?

“Sacred Cow Tipping” an teideal ar an gceann seo!

Daoibh siúd atá in amhras faoi “cow tipping”, is miotas é ceart go leor, murab ionann is “diúscairt mhídhleathach”, téarma stuama nach bhfuil filíocht dá laghad ag baint leis, faraor.

4 comments:

  1. Ceann nua domsa. An béarlagair nua é; níor chuala mé riamh é?

    Débhríoch go leor, nach ea?

    "Dianchosc ar shéisin a thabhairt do na cuileoga."

    "Dianchosc ar theangmháil le flapa." - mar rabhadh do lucht an aintaispeántachais.

    ReplyDelete
  2. Thuig mé é ar an bpointe, ach is comhartha greannmhar é don té nach dtuigeann...:-)

    ReplyDelete
  3. Cuireann sé an fógra "Ná caith Bruscar" i gcuimhne domsa, ach ní bruscar é go gcaitear é.

    ReplyDelete
  4. Tá brí eile ar "fly" dar ndóigh d'fhear. Cad mar gheall ar an fotheideal sa ghriangraf -- "Egad, not an udder one"

    ReplyDelete