03 Meitheamh 2010

Joel Gibb & The Hidden Cameras


Is leantóir de chuid The Hidden Cameras mé lena trí nó a ceathair de bhlianta anuas. Seo dhá amhráin a cheannaigh mé ón albam is nua a rinne siad anuraidh, “Origin:Orphan”.

Físeán proifisiúnta is ea an chéad cheann, “He Falls to Me”, ach is fíormhaith liom an dara hamhrán, “The Colour of a Man”.



Is trua nach bhfuil an físeán seo a leanas níos fearr. Ach tá an t-amhrán ar fáil ó iTunes ... má thaitníonn sé le haon duine anseo. Agus má bhíonn tú i Leipzig Déardaoin seo chugainn, tig leat iad a fheiceáil agus a chloisteáil ansin!

8 comments:

  1. Is tarraingteach an ceol é a bhfuil úire ag baint leis.

    Faraor ní bheidh mé i Leipzig a tseachtain seo chugainn.

    ReplyDelete
  2. Tá suim agam i struchtúr méadranómach, quasi-aontonach, na n-amhrán seo. Tóg an chéad cheann mar shampla. Tá cúig shiolla i ngach líne i lár an amhráin:

    apples and oranges
    gobbling the last dregs...
    from the cathedral...
    calling to arm us...
    nail in the coffin...
    of his great blunder...


    Bhíodh meadarachtaí mar sin againn sa sean-am. Mar shampla:

    Críst con·ic mo chrí
    nachim·thí tríst tré
    corop glan mo gléo
    céin béo for bith ché.

    Bain triail as é sin a rá in éineacht le Joel.

    Nó:

    A Ghilla Chaímgin
    meic Gilla Ghomgaill
    a Laignib labraim
    ón Dairbrig donnguirm.

    ReplyDelete
  3. Ceol breá é, fiú nach dtuigim an chuid is mó de na liricí. Is maith liomsa na veidhlíní atá ar an stáitse acu. Is dócha go bhfuil veidhlíní ag éirí coitianta i measc na bannaí rockcheoil. Rud an-deas.
    Is ceann de na rudaí is sultmhara sa saol é, a bheith i do bhall de bhanna ceoil, dar liomsa.
    Ní raibh mo bhanna féin i Leipzig riamh, ach bhíomar ar an stáitse den Grange Hall i Lynnwood, ag Cóisir na Nollag den Seattle Scandinavia Dance Club. Gig an-mhór dúinn a bhí ann.

    ReplyDelete
  4. Is maith liom iad. Agus tá an ceangal a dhéanann tú leis na línte cúig shiolla Gaeilge spéisiúil. Creidimse go raibh rithim agus béim sna sean-dánta in ainneoin gur dánta siollacha iad. Más ea braithim go bhfuil an bhéim in amhrán Joel difriúil ón mbéim sna rannta sean-Ghaeilge a thugann tú. Braithim gur línte iambacha atá sa Ghaeilge den chuid is mó ach gur dachtal agus iamb atá ag Joel beagnach tríd síos.

    ReplyDelete
  5. @ Cailliomachas - Is fíor go bhfuil béim láidir sa Bhéarla ar chuid de na siollaí: CALLing to ARM us (dactyl + trochee). Tá an rud céanna le cloisteáil i bhfilíocht aiceanta na Gaeilge, ar ndóigh. Ach de réir mar a thuigimse é, ní raibh an t-aiceann tábhachtach sa dán díreach, .i. ba chuma faoin mbéim agus ba chuma faoi shiollaí fada agus siollaí gearra.

    Seo mar a thit an bhéim nuair a bhí daoine ag caint go nádúrtha “i bprós”.

    CRíST con·IC mo CHRÍ

    ach ba chuma faoin bpatrún seo sna meadarachtaí siollacha. An t-aon rud atá tábhachtach sa chás seo ná go bhfuil cúig shiolla sa líne agus go bhfuil siolla amháin san fhocal deireanach. Ní raibh iallach ar an reacaire an bhéim a chur sa áit “nádúrtha” agus é ag reic an dáin.

    ReplyDelete
  6. An rud is gaire atá againn is dócha don mhodh reacaireachta a bhíodh acu aithris na laoithe fiannaíochta. Nárbh iontach ceann acu sin a bheith ar YouTube!

    ReplyDelete
  7. Tá dhá sholaoid mhaith de seo, ceann i nGàidhlig agus ceann i nGaeilge, ar an albam “Dual” le Julie Fowlis & Muireann Nic Amhlaoibh. Cheannaigh mé an traic seo, “Duan Na Muiligheartaich & Laoi Na Mná Móra” ó iTunes tamall ó shin. Níl sé ar fáil ar YouTube go bhfios dom.

    Dála an scéil (sorta), fuair mé an nasc seo ó mo dheirfiúr anois díreach. Tá sí ag seinm ar an ngiotáir in éindí leis an mbeirt eile sa bhanna ceoil atá acu.

    ReplyDelete
  8. An-mhaith! Treise léi. Beidh mé ag faire amach do na hamhráin sin. Is maith liom Julie Fowlis.

    ReplyDelete