16 Meitheamh 2010

in Oregon, i Meicsiceo & in Éirinn


Tá an petroglyph seo le feiceáil ar chloch in oirdheisceart Oregon, a bhuí leis an suíomh seo. Ní fhaca mé patrún eile mar seo riamh ar chloch. Tá fiarláin, ciorcail, bíseanna, agus breacaireacht de chuile shaghas eile sách coitianta i gclochscríbhinní an Great Basin, ach is neamhghnách amach é an píosa cuasa-fhrachtal (quasi-fractal) seo.



Tá patrún an-chosúil leis seo le feiceáil i riocht eile in áiteanna eile, áfach. Seo ojo de dios, rud a dhéanann na daoine Huichol i Meicsiceo:




... agus féach uimhir a cúig ar an leathanach seo, cros Bríde ó Cho. Ard Mhacha:



Cén fáth a gcuireann an patrún seo gliondar orm?

2 comments:

  1. Toisc gur cruth coitianta atá ann? Cruth a tharlaíonn i gcultúir éagsúla nach bhfuil i dteagmháil le chéile? Rud a thaispeánann an chaoi a smaoiníonn an cine daonna?

    ReplyDelete