02 Meitheamh 2010

an t-éan gorm



In ainneoin an ola atá ag síorscairdeadh amach i Murascaill Mheicsiceo agus in ainneoin na fola a doirteadh ar chósta Ghaza, bhí teagmháil gan choinne agam le bluebird of happiness inné. Chuir sé an bhlagmhír seo ó John i gcuimhne dom. Séard ba chúis leis an sonas seo ná scúp reoiteóige, an ceann ar clé thíos le bheith cruinn:


Bhí blas láidir den leann dubh air, agus - iontas na n-iontas - ní raibh sé an-mhilis, rud a thaitin go mór liom. Rud eile a thaitin liom ná go ndéantar é, mar a deirtear thuas, le leann dubh a dhéantar sa ghrúdlann béal dorais. Dála an scéil, bhí mé sa chomharsanacht sin le pónairí caife direct trade / déileáil dhíreach a cheannach ó Stumptown. “Montes de Oro” an cineál is fearr liom dá bhfuil ar fáil uathu anois díreach.

5 comments:

  1. Life is not an abyss. Somewhere there's a blue bird of happiness: http://www.youtube.com/watch?v=IERLMXtMZag&feature=related

    ReplyDelete
  2. Agua maífeadh an sasanach go mbeidh an t-éan gorm ós cionn aillte bána Dhóbhair....cé nach dtaobhann sé an Eoraip go bhfios dom.


    Fearn

    ReplyDelete
  3. "Stumptown"?

    Is léir go raibh tú "legless" i ndiaidh an phórtair ;)

    ReplyDelete
  4. Stumptown: is sean-leasainm ar Phortland (Oregon) é. Thosaigh Stumptown Coffee i bPortland.

    ReplyDelete