01 Meitheamh 2010

doras ifrinn: an freagra

Cliceáil le méadú.

D'athscríobh mé an sliocht seo le go mbeidh sé níos éasca a léamh. Is ionann an chéad fhocal, “ni” le líne os a chionn, agus “ní hansa”.


Tá súil agam go mbeidh sibh in ann é seo a thuiscint. Is focal liteartha anois é an focal deireanach, ach tá sé in FGB leis an litriú “doraidh”.

5 comments:

  1. Ó, an tuaisceart!
    Bhal, tá Purgadóir Phádraig sa tuaisceart ceart go leor.

    Nó an ea seo bunaithe ar an gcoincheap a bhí ag na SeanGhaeil gur áit síorfhuar a bhí in Ifreann agus go raibh an Tuaisceart bainteach le fuacht?

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Níl mé cinnte. Is féidir go raibh an dá rud ar intinn acu. Ná dearmad go bhfuil dlúthcheangal idir an lámh chlé, rudaí ciotacha agus an tuaisceart sa Ghaeilge, agus idir an lámh dheas agus an deisceart.

    Ar an láimh eile, samhlaítear i gcultúir eile, más buan mo chuimhne, go bhfuil tír na marbh sa deisceart. Agus is ionann “went south” agus “theip air, thit as a chéile” abhus anseo.

    ReplyDelete
  3. Cén sórt r é an 2 i doraidh

    ReplyDelete
  4. Leagan malartach é a fheictear sách minic ar lorg ‘o’.

    ReplyDelete
  5. Rith cuimhneamh eile liom.

    As an tuaisceart a thiocfadh an Danar.

    Manach a scríobh is dóigh, ach cathain agus cá háit?

    Fearn

    ReplyDelete