11 Meitheamh 2010

BP



Is cosúil gurb ionann BP agus British pensions chomh maith le British Petroleum. Ní raibh a fhios agam sin go dtí inniu. Is cosúil go bhfuil an fhearg ar an taobh seo den Atlantach ag cur imní ar pholaiteoirí agus ar infheisteoirí ar an taobh eile. Buachaill bán agus cash cow de chuid na gcistí pinsean is ea BP le fada an lá thall ansin. Ach - hello! - níl aon rud cinnte sa stocmhargadh.

5 comments:

  1. Is dócha go bhfuil sé in am againn athmhachnamh ó bhonn a dhéanamh ar chúrsaí. Níl ach líon teoranta daoine ag tairgiú; tá gá le cothabháil orthu siúd nach bhfuil fós in inmhe obair; agus iad siúd nach bhfuil in inmhe obair níos mó.

    Níl sé folláin brath ar chearrbhachas [an stocmhargadh] ná (leis an pirimid aoise ag iompú bun ós cionn) ar scéim Ponzi, i. oibrithe ag íoc cáin le n-íoc as neamh oibrithe.

    Ach cén leigheas atá air?

    ReplyDelete
  2. Léigh mé an t-alt sa NYT.

    BP is cúis leis an olltubaiste, mar is eol, agus ní féidir leis an gcomhlacht í a cheansú. Ach tá iarrachtaí ar bun, de réir dealraimh, lena chinntiú nach mbeidh an dochar do BP i gcomhréir leis an dochar sa mhurascaill.

    Níl sa racán idir Sasana agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, déarfainn, ach iarracht ó thaobh lucht tacaíochta BP aird a tharraingt ón bhfadhb féin agus aighneas saorga idir an dá thír a chruthú, aighneas a mbeidh réiteach de dhíth air mar gheall ar "thábhacht an caidrimh" idir an dé thír.

    Agus ní réiteach go comhghéilleadh...

    ReplyDelete
  3. Mar gheall ar chumasc is ceannach, fuair BP comhlachtaí Meiriceánacha sé nó seacht mbliana ó shin. Amoco, Arco, Castro Oil, Anaconda Mining, Margaí am/pm ina measc. Tá an Berkeley Pit i mButte, Montana acu freisin.
    Tá go leor daoine anseo i Méiriceá atá ag obair ag an gcomhlacht BP anois.
    Tá imní orthusan maidir lena gcistí pinsean chomh maith.

    ReplyDelete
  4. Eagraíocht eile atá ró-mhór le cliseadh (too big to fail)?

    Wúhú, an Berkeley Pit, ceann de na suíomhanna Superfund is mó sa tír.
    :-(

    ReplyDelete
  5. Is é JPMorgan Chase an infheisteoir is mó ag BP.

    ReplyDelete