10 Meitheamh 2010

beoir + fíon + meá =



Mar a deir an lipéad, tá an leann seo déanta as eorna, mil, fíonchaora agus cróch. Bhí sé againn ag dinnéar aréir in éindí le polenta le hanlann marinara, cál catach bruite go mall le bagún agus oinniún, agus borsch biatais fuar ón oíche roimhe le daba fial de iógart Gréagach.

Conas a bhí sé? Go hálainn! Leann a bhí ann, gan dabht dá laghad, ach an-mhín agus beagáinín milis. Chuir sé gewürtztraminer Alsáiseach i gcuimhne dom. Fuair na grúdairí ag Dogfish Head an t-oideas ó sheandálaí móilíneach (molecular archaeologist) a rinne anailís ar iarsma den deoch a bhí fágtha i soithí cré ó thuama ón ochtú haois BC i nGordium sa Tuirc.

5 comments:

  1. Cad é an difríocht idir an leann seo agus pionta breá Smithwicks?

    ReplyDelete
  2. Meascán mearaí.

    Agus cuimhnigh ar cad a tharla do Mhidas bocht...

    (Is maith liom beoir, fíon agus meá, ach iad a mheascadh....sin ceist eile)

    An bhfuil siad cinnte nach buicéad na bhfuilleach a rinneadh anailís air?

    ReplyDelete
  3. Bhí amhras orm freisin. Ach tá mé á rá libh gur deoch chaolchúiseach agus an-bhlasta atá ann.

    ReplyDelete
  4. Cloisim daoine óga ag moladh caolchúis na beorach thar an bhfíon. An ceart acu sa chás seo is cosúil. Molaimis na seandálaithe móilíneacha.

    ReplyDelete
  5. @ 'rinne anailís ar iarsma den deoch a bhí fágtha i soithí cré ó thuama ón ochtú haois BC i nGordium sa Tuirc.'

    Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach...:-)

    ReplyDelete