11 Meitheamh 2010

beagán níos faide ná Twitterature



Luaigh mé an t-alt le James Poniewozik ar Twit Lit (scéalta a ríomhtar le 140 carachtar nó níos lú) ar Chín Lae Uí Reachtair an lá cheana, ó tharla go raibh litríocht agus léirmheastóireacht faoi chaibidil aige. Fuair mé múnla nua litríochta eile ar an idirlíon inniu: an Matchbook Story. Séard atá ann ná scéal a insítear le 300 carachtar nó níos lú agus a chlóbhuailtear ar matchbooks. Seolfar an dara huimhir den “iris liteartha” seo i Santa Cruz, California, ar an gcéad lá den mhí seo chugainn.

An bhfuil Éire réidh lena leithéid? I nGaeilge?

10 comments:

  1. Beagán focal, is a rá go maith!

    Tá dánfhocail agus rannta againn le fada - agus cuid mhaith dár éigeas tugtha don haiku.

    Tuige ná beadh twitríocht agus lasáin-scéalta againn?

    Ach an tinfeadh a bheith ann....

    ReplyDelete
  2. Nach bhfuil scéal cáiliúil sé fhocal luaite le Hemingway?

    Le díol: Bróga linbh. Gan úsáid.

    Anois, tar éis dom rud beag taighde a dhéanamh, nílim cinnte cén scéal an scéal!

    ReplyDelete
  3. Ach is minic nach mbíonn aon “scéal” sna dánfhocail agus sna haikúnna: moladh cliste, beophictiúr agus a leithéid, gan dabht, ach gan aon “tharla seo ansin tharla sin”.

    Dála an scéil, cad é an Ghaeilge ar "matchbook"?

    ReplyDelete
  4. Ceist mhaith.

    Ní heol dom. Tá lasáin beagnach imithe as an saol. Agus is boscaí is mó a chonaic mé agus iad fós ann.

    Scéal grinn agam faoi sin. Ar ball b'fhéidir.

    ReplyDelete
  5. Is dócha é.

    Tá "Book-matches" lasáin mpl leabhair ag De Bhaldraithe.

    ReplyDelete
  6. Lasáin Litríochta nó LitLasáin?

    ReplyDelete
  7. Bocsa cipini a bhi againne i gconai ar matchbox.
    (mo leithsceal as an easpa mor sineadh fada! :-))

    ReplyDelete
  8. Seans go mbeadh suim agat sa nasc seo, a Dennis: http://www.depict.org/ Is comórtas idirlíne é do ghearr-scannáin, bhuel, an-ghearr-scannáin - níl cead ach 90 soicind a chaitheamh air. Cuid acu go maith. Cuid acu leadránach!

    ReplyDelete
  9. Bosca cipíní a bhíodh againne,freisin, a Phroinsias, ach níl a fhios agam an bhféadfá focal tarraingteach ar 'Matchbook Story' a dhéanamh as 'bosca cipiní' seachas 'lasáin' - do bharúil?

    ReplyDelete