29 Meitheamh 2010

basalt, sean agus nua


Dhoirt basalt na Binne Báine i gCo. Aontroma amach as an talamh 60 milliún bliain ó shin. Basalt réasúnta sean atá ann.


Tá an basalt atá le feiceáil ar fud na háite in Oirthear Washington agus Oregon i bhfad níos óige, idir 17 agus 6 milliún bliain d'aois. Chlúdaigh na Columbia River Flood Basalts thart faoi 63,000 míle cearnach sa taobh sin tíre. Tá 32,599 míle cearnach in Éirinn (an t-oileán ar fad). Seo cúpla pictiúr a thóg mé ansin an tseachtain seo caite. Tig leat iad a mhéadú, mar is iondúil.

Os cionn Picture Gorge


Gearradh nua le taobh an bhóthair

5 comments:

  1. An-cúl. Ar shiúl tú "Crack in The Ground"?

    ReplyDelete
  2. Shiúil, gan dabht! Thóg mé a lán pictiúr ansin. Lá te a bhí ann, ±83F ar an dromchla, ach bhí sé fionnuar, beagnach fuar, thíos sa scoilt.

    ReplyDelete
  3. Tá do phictiúir an-deas, a Dennis.
    An bhfaca tú na hEasa Tirime in Oirthear Stát Washington ar do thuras?

    ReplyDelete
  4. an tEas Tirim feicthe agam, cúpla uair, ach ní le linn an turais seo. (Tá an grianghraf ar an suíomh ceangailte go han-mhaith, ach ní mór é a mhéadú.)

    ReplyDelete