19 Meitheamh 2010

ag cur thar maoil




Tógadh na pictiúir seo seachtain ó shin nuair a bhí an ghrian ag taitneamh. Tá craobh fhliuch ar an lá inniu agus deirtear nach mbeidh aon athrú ar an aimsir amárach. Tá sé 13°/55F anois díreach ag 4:45 i.n. *osna*

7 comments:

  1. Tá na bláthanna go hálainn!

    Tá an ghrian ag scaladh anseo in Inis Eoghain, a Dennis, ach tá sé beagán fuar fós, mar sin féin.

    ReplyDelete
  2. Tá mé in éad leat! Inniu, Dé Domhnaigh, lá amháin roimh ghrianstad an tsamhraidh, bhí sé níos dorcha ná aon lá eile ó thús Mhí Feabhra. Le bheith cruinn, ní bhfuair muid ach 50 W/m² (caoga vata sa mhéadar cearnach) inniu, bhí an spéir chomh smúitiúil sin.
    :-(

    ReplyDelete
  3. Tá do gharraí an-deas!
    Bhí mise is m'iníon i mBallard oíche De hAoine agus bhí an aimsir go halainn ag an am. D'itheamar ag bialann Puerto Rican agus shuíomar i dTully's ag caint go dtí beagnach a deich a chlog. Bhí an spéir geal an lá sin. Ach níl an aimsir go maith anseo inniu.

    ReplyDelete
  4. Tá a fhios agam an bhialann sin, La Isla, cés fada a bhí mé ann. Más maith leat bia mar seo, is féidir go dtaitneodh Meza leat freisin. Tá pernil acu ansin freisin, agus arepas, rud nach bhfaightear go minic sna bólaí seo.

    ReplyDelete
  5. Is ea, seo an rud is galánta a bhfaca mé le fada fós :)
    Tá sé i gceist agam pickup mar seo a cheannach ionas go bhféadfainn tiomáint thart le gairdín deas mar sin ann. Thar cionn.

    An mbíonn damáiste déanta do na bláthanna nuair a thiomáineann tú é? Cad faoi á thiomáint faoi luas?

    ReplyDelete
  6. Níl baol do na bláthanna beagán luais, níos lú ná 30 mph. Ach ní féidir liom an gairdín a thiomáint ar an mótarbhealach. Fuair mé Prius ar cíos an tseachtain seo le cuairt a thabhairt ar Oregon.

    ReplyDelete