spéir dhroim an ronnaigh
Tá léirmheas ar an Economist ar an leabhar The Old Ways: A Journey on Foot le Robert Macfarlane. Deir an learmheastóir an méid seo faoi shúil agus stíl an údair:
The tendency is to notice that tree, that stile, that passage of light (rionnach maoim, he tells us in a typically lovely aside, is Gaelic for “the shadows cast on the moor by cumulus clouds”).
Tá sé furasta na focail “rionnach maoim” a athrú ó Ghàidhlig go Gaeilge: ronnach maidhm. Ach ní aithním iad, mar théarma, i gceachtar den dá theanga. Tá “mackerel sky*” ar eolas agam, ar ndóigh, agus chuir mé an leagan Gaeilge de thuas faoin ghrianghraf. (Chuirfinn geall gur ón mBéarla a tháinig an leagan Gaeilge, ach is cuma.) Ní faoin spéir, afách, atá Macfarlane ag caint, ach faoi na scáthanna a chaitheann na scamaill úd ar an talamh. Ní ar thalamh ar bith: ar an móinteach. Tá sé seo go hálainn mar íomhá, ar ndóigh.
Ach cá bhfuair sé an Ghàidhlig seo agus cén struchtúr gramadúil a cheanglaíonn na focail seo le chéile. Níl an téarma le fáil an idirlíon, ach amháin san abairt thuas. Chuir mé ceist faoi seo ar chara liom atá “fileanta sa Ghàidhlig”, ach bhí sé dall air freisin.
Is léir, mar sin féin, chomh mór agus a thaitníonn “seoid Ghaelach” mar seo leis an léitheoir, agus leis an léirmheastóir sa chás seo. Tá sé “so Celtic” (.i. neamhshaolta, draíochtúil, ceo(l)mhar), tá's agat.
Pé scéal é, más féidir le duine ar bith a léann an bhlagmhír seo an scéal laistiar de “rionnach maoim” a insint dúinn, beidh mé faoi chomaoin agat!
* Ar chuala sibh “oyster shell sky” riamh? Deirtear é sin abhus anseo ó am go ham, ach is spéir eile atá i gceist.