Tá a fhios ag an saol mór agus a mháthair faoin am seo go bhfuil resveratrol san fhíon dearg a ólann tú agus gur rí-dhócha gur rud sláintiúil é seo. Agus tá a lán staidéar ann a deir go bhfuil iógart thar a bheith sláintiúil toisc gur bia próibhitheach é. Is é sin le rá, tá iógart lán le baictéir atá tairbheach don tsláinte.
Tá mé díreach tar éis alt a léamh ar an New York Times a deir gur bia próibhitheach atá againn san fhíon dearg a ólann muid freisin. Is cosúil go raibh a fhios acu é seo i bhfad ó shin:
Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile agus leis na taomanna tinnis a thagann ort chomh minic sin.
- 1 Tiomóid 5:23
This comment has been removed by the author.
ReplyDeleteBraitheann sé go mór ar chaighdeán an fhíona, áfach.
ReplyDeleteAn ionann caighdeán agus praghas sa chás seo? (Níl a fhios agam an dáiríre atá tú nó nach bhfuil!)
ReplyDeleteI gcás an fhíona, cheapfainn féin go nochtann dúil caighdeán..:-)
ReplyDelete