skip to main |
skip to sidebar
triscéil La Tène
cliceáil
Seo póirín cloiche a fuair mé i siopa anseo i Seattle an tseachtain seo caite. Tá triscéil sa stíl La Tène gaineamhroiste ann, agus chuir an duine a rinne é (níl a fhios agam cé hé ná cá bhfuil sé) péint dhubh go cúramach sa chuid ghreanta de. Thaithin sé go mór liom agus ní raibh ach $5.50 (± €4.25) air.
Rith sé liom, tar éis dom é a thabhairt abhaile liom, gur féidir úsáid a bhaint as mar stampa nó séala. Rinne mé taos righin as plúr agus salann agus bhain mé triail as. Níl mé cinnte fós céard a dhéanfaidh mé ina dhiaidh seo. Aon mholtaí?
má tá spéis agat sa photadóireacht bheadh sé úsáideach chun ornáidíocht a chur ar phláta nó ar phíosa eile? É sin nó beidh na toirtíní úll is gleoite amuigh agat!
ReplyDeleteMaisiúcháin don Nollaig?
ReplyDeleteHmmm. Ní fear mór bácála mé, ach dá mbeadh orm pióg, nó rud éigin eile a bhfuil crusta air, a ullmhú, bheinn in ann feidhm a bhaint as mar sin. Nó brioscaí? Bainfidh mé triail as le páipéar tiubh fliuch freisin, féachaint an féidir liom cló a fhágáil air, .i. é a úsáid mar stampa cabhraíochta.
ReplyDelete