13 Bealtaine 2012

triscéil La Tène


cliceáil

Seo póirín cloiche a fuair mé i siopa anseo i Seattle an tseachtain seo caite. Tá triscéil sa stíl La Tène gaineamhroiste ann, agus chuir an duine a rinne é (níl a fhios agam cé hé ná cá bhfuil sé) péint dhubh go cúramach sa chuid ghreanta de. Thaithin sé go mór liom agus ní raibh ach $5.50 (± €4.25) air.


Rith sé liom, tar éis dom é a thabhairt abhaile liom, gur féidir úsáid a bhaint as mar stampa nó séala. Rinne mé taos righin as plúr agus salann agus bhain mé triail as. Níl mé cinnte fós céard a dhéanfaidh mé ina dhiaidh seo.  Aon mholtaí?

3 comments:

  1. má tá spéis agat sa photadóireacht bheadh sé úsáideach chun ornáidíocht a chur ar phláta nó ar phíosa eile? É sin nó beidh na toirtíní úll is gleoite amuigh agat!

    ReplyDelete
  2. Hmmm. Ní fear mór bácála mé, ach dá mbeadh orm pióg, nó rud éigin eile a bhfuil crusta air, a ullmhú, bheinn in ann feidhm a bhaint as mar sin. Nó brioscaí? Bainfidh mé triail as le páipéar tiubh fliuch freisin, féachaint an féidir liom cló a fhágáil air, .i. é a úsáid mar stampa cabhraíochta.

    ReplyDelete