cliceáil
An tsáiste agus an tím atá faoi bhláth. Tá príomhpháirteanna acu ar a deic faoi láthair. Tá siad go hálainn i bpota agus chomh hálainn céanna ar phláta mar ghairnis (comme dans les meilleurs restaurants).
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
Sibh mí chun tosaigh orm.
ReplyDeleteI bhfad níos folláine ná mo luibheanna! Cuirfidh mé an milleán ar an aimsir... agus ní ar an ngarraíodóir ;)
ReplyDeleteCheannaigh mé an leabhar Garden Herbs inniu, ó tharla tús curtha agam le mo luibhghort (bhuel, luibhphotaí!), agus eolas de dhith ar m'aineolas!
ReplyDeleteTá trí rud ag teastáil ó luibheanna mar seo:
ReplyDelete1) a lán gréine
2) gan an iomarca uisce
3) ithir nach bhfuil ró-mhéith
Fásfaidh siad le 2 agus 3, go rábach uaireanta, ach is minic nach mbeidh a mblas sách láidir ansin. Séard a bhíonn uathu dáiríre ná áit dheas san Iodáil nó sa Ghréig!
;-)
na cinn s'agam féin i bhfolach fós
ReplyDelete