15 Bealtaine 2012

fáth eile le fíon dearg a ól



Tá a fhios ag an saol mór agus a mháthair faoin am seo go bhfuil resveratrol san fhíon dearg a ólann tú agus gur rí-dhócha gur rud sláintiúil é seo. Agus tá a lán staidéar ann a deir go bhfuil iógart thar a bheith sláintiúil toisc gur bia próibhitheach é.  Is é sin le rá, tá iógart lán le baictéir atá tairbheach don tsláinte.


Tá mé díreach tar éis alt a léamh ar an New York Times a deir gur bia próibhitheach atá againn san fhíon dearg a ólann muid freisin.  Is cosúil go raibh a fhios acu é seo i bhfad ó shin:


Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile agus leis na taomanna tinnis a thagann ort chomh minic sin.
- 1 Tiomóid 5:23

4 comments:

  1. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  2. Braitheann sé go mór ar chaighdeán an fhíona, áfach.

    ReplyDelete
  3. An ionann caighdeán agus praghas sa chás seo? (Níl a fhios agam an dáiríre atá tú nó nach bhfuil!)

    ReplyDelete
  4. I gcás an fhíona, cheapfainn féin go nochtann dúil caighdeán..:-)

    ReplyDelete